An difríocht idir athruithe ar: "An Daingean"

Content deleted Content added
stair
No edit summary
Líne 15:
[[Baile]] is ea '''an Daingean''' nó '''Daingean Uí Chúis''' (''Dingle'' i m[[Béarla]]) atá suite in iarthar [[Gaeltacht|Ghaeltacht]] [[Contae Chiarraí|Chiarraí]] in [[Éire|Éirinn]]. Is é an Daingean an baile is mó i n[[Gaeltacht Chorca Dhuibhne]] agus an baile Gaeltachta is mór sa tír.
 
==An baile==
Tá oifigí [[Gaelsaoire]] suite sa bhaile agus tá ionad [[Ollscoil na hÉireann, Gaillimh|Ollscoil na Gaillimhe]] á oscailt sa cheantar go luath.
 
Tá ceannáras na Mumhan d’Údarás na Gaeltachta suite i nDaingean Uí Chúis agus cabhraíonn an t-Údarás le gnóthanna éagsúla. Sa bhliain 2004, bhí 987 duine fostaithe i nGaeltacht Chorca Dhuibhne mar gheall ar chabhair an Údaráis.
 
Reachtáltar nithe éagsúla traidisiúnta eile sa cheantar, mar shampla An Dreoilín, Paráid Maidne Lae Phádraig, Ráiseanna Capall Dhaingean Uí Chúis, an Rigeaite, Beannú na mBád, Teaspántas Talmhaíochta, Banna Fíofa agus Druma, agus ar uile.
 
==Ainm==
Line 40 ⟶ 45:
 
Níor tháinig trádáil an bhaile teacht chuige féin arís go dtí an 18ú céad. Thosnaigh mangairí fíona ag trádáil idir an Daingean agus Mór-roinn na h-Eorpa arís. Thosnaigh Roibeárd Mac Gearailt tionscal an línéadaigh i dtús na haoise seo. D’éirigh go maith leis an dtionscal seo ar feadh 40 bliain. Le teacht an chodáis, áfach, thit an tóin as tionscal an línéadaigh agus fén mbliain 1837 ní raibh mórán de fágtha.
 
Sa bhliain 1829, tháinig Siúracha na Toirbhirte i mbun scolaíochta sa bhliain 1848 bunaíodh Meánscoil na mBráthar.
 
I lár na haoise sin, bhuail an Drochshaol buile marfach ar phobal an cheantair de bhárr gur theip ar an bpráta. Sa bhliain 1852, tógadh Tigh na mBocht. Tugadh cúnamh do 6,068 duine ann i rith na bliana sin. Le linn na tréimhse sin bhí muintir an cheantair fé bhrú chíosa troma agus muna ndíolfaidís iad deintí iad a dhíshealbhú go minic. Mar shampla, i mí Aibreáin na bliana 1885 ruaig Tiarna Fionntrá dhá theaghlach déag as a gcuid gabhaltaisí i gCaisleán Ghriaire.
Line 47 ⟶ 54:
Tugadh aitheantas oifigiúil Gaeltachta do Dhaingean Uí Chúis sa bhliain 1926 agus sa bhliain 1956 deineadh athdhaingniú ar an stádas sin. Bhí “An Seabhac”, Pádraig Ó Siochrú, ar dhuine do bhunaitheoirí an chéad choláiste Gaeluinne in Éirinn sa bhliain 1908. I dtús báire, tionóladh ranganna an choláiste i dTigh John O Donnell, mar a bhfuil tigh mhuintir Bhambaire agus tigh tábhairne Uí Fhlaithbheartaigh ar Shráid a’ Droichid anois.
 
Bhuaidh an Daingean an phríomhdhuais i gComórtas Ghlór na nGael 1980 – 81 fé stiúir an chathaoirligh Jed Budhlaeir. Athbhunaíodh Craobh an Ághasaigh de Chomhaltas Cheoltóirí Éireann agus é mar fheidhm ceol sa bhliain 1981. Reachtáladh Fleadh Cheoil Chiarraí cúig n-uaire ar an mbaile sna blianta 1984–89 agus d'eagraigh an chraobh áitiúil Fleadh Cheoil na Mumhan sna blianta 1990 agus 1996. Reachtáladh Oireachtas na Gaeilge ar an mbaile sna blianta 1987, 1992 agus 2001.