An difríocht idir athruithe ar: "An Daingean"

Content deleted Content added
No edit summary
Naisc
Líne 23:
 
==Ainm==
D'éirigh aighneas sa bhaile i [[2005]] maidir le hainm Béarla an bhaile a ligeadh i léig agus an t-ainm [[Gaeilge]] a úsáid i nGaeilge agus i mBéarla. D'fhógair an t[[Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta|Aire Gnóthaí Gaeltachta]], [[Éamon Ó Cuív]], nach mbeadh logainmneacha galldaithe (ar nós 'Dingle') á úsáid a thuilleadh ar cuaillí eolais oifigiúla, agus athraíodh ainm an bhaile go Gaeilge i dtús na bliana 2005. Is conspóideach an socrú é seo sa bhaile os rud é go bhfuil an [[turasóireacht]] mar phríomhthionscal sa cheantar, agus tá imní ar roinnt daoine go gcuirfear turasóirí ámú agus iad ag lorg ar an Daingean; tá sráidbhaile eile i g[[Contae Uíbh Fhailí]] darb ainm [[An Daingean, Uíbh Fháilí|an Daingean]] (nó ''Daingean'' as Béarla). Mhol an t-Aire Ó Cuív go bhféadfaidh le mhuintir an bhaile an t-ainm a athrú ar ais go Béarla le phobalbhreith a chomhlíonadh, ach bheadh sé orthú a stádas Gaeltachta, agus an cúnamh eacnamaíoch a ghabhann leis, a chailleadh ag an am céanna.
 
==Bailte fearainn==
[[Image:4July04 John St Dingle.JPG|thumb|left|240px|John Street, An Daingean]]
*Daingean Uí Chúis
*An Choill
Line 38 ⟶ 39:
Téann stair Dhaingean Uí Chúis i bhfad siar. Tá trácht le fáil sna blianta seo leanas: 1278 (Dengyn), 1316 (Daingean Uí Cubhais), 1569 (Daingean Uí Chúis).
 
I rith na [[An Mheánaois|Meánaoise]] bhí an baile ar cheann de na príomhbhailte in iardheisceart na hÉireann mar gheall ar a chalafort. Bhí an iascaireacht tábhachtach. Bhí ceangal láidir eacnamaíochta[[eacnamaíocht]]a idirr an Daingean agus [[an Spáinn]] sa [[16ú haois|16ú ceádcéad]]. Tógadh go leor tithe ar chruth thithe na Spáinne. Tá clocha deartha le feiscint ar chuid de thithe Shráid a’ Dhoirín fós.
 
Dódh Daingean Uí Chúis go talamh cúpla uair, sa bhliain 1316 ag Diarmuid Mac Cárthaigh agus aríst sa bhliain 1580 ag Iarla Urmhumhan.
 
Ré thábhachtach i stair an cheantair ab ea an 16ú céád ach ba le linn na tréimhse seo chomh maith is mó a bheir cruatan ar phobal na háite. Le linn chogaidh na n-Iarlaí dódh agus deineadh slad ar an gceantar go minic. Is ar éigean deireadh le trádáil an bhaile. Bhuail Éirí Amach na bliana 1641 agus slad [[Oilibhéar Cromail|Chromaill]] buillí ar thrádáil an bhaile freisin.
 
Níor tháinig trádáil an bhaile teacht chuige féin arís go dtí an 18ú céad. Thosnaigh mangairí fíona ag trádáil idir an Daingean agus Mór-roinn na h-Eorpa arís. Thosnaigh [[Roibeárd Mac Gearailt]] tionscal an línéadaigh i dtús na haoise seo. D’éirigh go maith leis an dtionscal seo ar feadh 40 bliain. Le teacht an chodáis, áfach, thit an tóin as tionscal an línéadaigh agus fén mbliain 1837 ní raibh mórán de fágtha.
 
Sa bhliain 1829, tháinig Siúracha na Toirbhirte i mbun scolaíochta sa bhliain 1848 bunaíodh Meánscoil na mBráthar.
 
I lár na haoise sin, bhuail [[an Drochshaol]] buile marfach ar phobal an cheantair de bhárr gur theip ar an bpráta. Sa bhliain 1852, tógadh Tigh na mBocht. Tugadh cúnamh do 6,068 duine ann i rith na bliana sin. Le linn na tréimhse sin bhí muintir an cheantair fé bhrú chíosa troma agus muna ndíolfaidís iad deintí iad a dhíshealbhú go minic. Mar shampla, i mí Aibreáin na bliana 1885 ruaig Tiarna Fionntrá dhá theaghlach déag as a gcuid gabhaltaisí i gCaisleán Ghriaire.
 
Bunaíodh craobh de [[Cumann Lúthchleas Gael|Chumann Lúthchleas Gael]] i nDaingean Uí Chúis sa bhliain 1888. Ba é Patrick Moore an chéad rúnaí agus ba é Patrick Gould an chéad chaptaen ar an gcumann agus d’imir na foirne fén ainm ''The Dingle Shamrocks''. Bhunaigh Thomas Kelliher, Michael McDonnell, John Lee, Michael Dissette, agus Patrick Foley craobh de Chumann na Talún i nDaingean Uí Chúis. Tháinig príomhioncam mhuintir an cheantair as an iascaireacht agus as an bhfeirmeoireacht le linn na tréimhse seo. Bhí an imirce mar thoradh ar [[na Trioblóidí]] agus ar an [[Cogadh Cathartha na hÉireann|gCogadh Cathartha]]. Thug na Dubhchrónaigh fén mbaile a dhódh sa bhliain 1920 ach níor éirigh leo mar chuir muintir an cheantair go tréan ina gcoinne.
 
Tugadh aitheantas oifigiúil Gaeltachta do Dhaingean Uí Chúis sa bhliain 1926 agus sa bhliain 1956 deineadh athdhaingniú ar an stádas sin. Bhí “An“[[Pádraig Seabhac”Ó Siochfhradha|An Seabhac]]”, Pádraig Ó Siochrú, ar dhuine do bhunaitheoirí an chéad choláiste Gaeluinne in Éirinn sa bhliain 1908. I dtús báire, tionóladh ranganna an choláiste i dTigh John O Donnell, mar a bhfuil tigh mhuintir Bhambaire agus tigh tábhairne Uí Fhlaithbheartaigh ar Shráid a’ Droichid anois.
 
Bhuaidh an Daingean an phríomhdhuais i gComórtas Ghlór na nGael 1980 – 81 fé stiúir an chathaoirligh Jed Budhlaeir. Athbhunaíodh Craobh an Ághasaigh de [[Comhaltas Ceoltóirí Éireann|Chomhaltas Cheoltóirí Éireann]] agus é mar fheidhm ceol sa bhliain 1981. Reachtáladh Fleadh Cheoil Chiarraí cúig n-uaire ar an mbaile sna blianta 1984–89 agus d'eagraigh an chraobh áitiúil [[Fleadh Cheoil]] na Mumhan sna blianta 1990 agus 1996. Reachtáladh Oireachtas na Gaeilge ar an mbaile sna blianta 1987, 1992 agus 2001.
 
 
 
[[Image:4July04 John St Dingle.JPG|thumb|left|240px|John Street, An Daingean]]
 
[[Catagóir:Bailte i gContae Chiarraí|Daingean, An]]