An difríocht idir athruithe ar: "CLG An Fheothanach/Caisleán Uí Mhathúna"

Content deleted Content added
suaitheantas
Líne 32:
Bhí an pheil á imirt sa cheanntar nuair a bhunaíodh [[Cumann Lúthchleas Gael|CLG]] sa bhliain 1884 agus ba iad ''Raonaithe na Daoile'' an chéad chlub nuair a chuireadh tús leis i bparóiste Máigh Thamhnach sa bhliain 1890. Tá tuairisc ann faoi chluiche a bhuadar ar [[CLG Cill Íde|Naomh Íde Áth na bhFuinseog]] i gcomótas Chill Íde sa bhliain 1994 agus chaill Raonaithe na Daoile cluiche ceannais [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh]] sa bhliain dár gcionn i gcoinne Na Trádálaithe, ceann des na clubanna peile ba láidre in Éirinn ag an am.
 
Bhris Na Raonaithe ina dhá chuid sa bhliain sa bhliain 1903 nuair a thug na himreoiri ó thaobh thuaidh Abhann na Daoile an tainm ''Caisleán Uí Mhathúna'' orthu féin agus thosnaigh iad siúd ar an mbruach theas ag imirt faoin ainm ''An Fheothanach''. Níor bhuaigh ceachtar díobh corn ar bith suas go dti an bhliain 1928 nuair a sháraigh Caisleán Uí Mhathúna ar [[CLG Cnoc Uí Choileáin|Chnoc Uí Choileáin]] chun Craobh Peile Sóisear an Iarthair a ghabháil. Leanadar ar aghaidh sa bhliain dár gcion nuair a bhuadar ar [[CLG Gaeil Ghailtí|ChillChoill BeithineBheithine]] i gcluiche ceannais Craobh Peile Sóisear Chontae Luimnigh na bliaina 1930.
 
Ba iad An Fheothanach an club peile ba láidre sa pharóiste o bhlianta na 1930í suas go dti an bhliain nuair a tháinig an dá chlub le chéile. Cé gur choimeádar na hainmneacha ar leith, bheartaíodar go mbeadh aon taon choiste amháin ag an gclub nua.