An difríocht idir athruithe ar: "Caisleán na Cathrach"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 3:
Tá '''Caisleán na Cathrach''' ar na gcaisleáin is mó i bPoblacht na hÉireann. Chuir an tiarna Conchúr Ó Briain á thógáil ar oileán sceireach in abhainn na Siúire é sa bhliain 1142, áit a raibh daingean cloiche (nó ‘cathair’) cheana. Ba shampla é an caisleán nua den daingniú a thug na Normannaigh isteach, agus tiarna de shliocht na Normannach a shealbhaigh é ina dhiaidh sin; sa bhliain 1375 bronnadh an caisleán ar Shéamas de Buitléir, a rabhthas tar éis Barún na Cathrach a dhéanamh de toisc a dhílse a bhí sé d’Éardbhard III, Rí Shasana.
 
D’fhan an caisleán i seilbh na mBuitléarach, agus cuireadh go mór leis sa 15ú haois agus sa 16ú haois. (Is í an chuid is sine de an taobh is gaire don tsráid.) Thaobhaigh Buitléaraigh na Cathrach le hAodha Rua Ó Néill agus é i ngleic le fórsaí na Bainríona Eilís sa dara cuid den 16ú haois. B’fhéidir go raibh an caisleán ar an daingean ba láidre in Éirinn ag an am, agus sa bhliain 1599 chuir Robert Devereux, Iarla Essex, faoi léigear é. Theip air é a ghabháil nó go bhfuair sé dhá ghunna mhóra ó Phort Láirge. I gceann trí lá bhí an caisleán gafa aige, mar, de réir mar a deir [[Annála Ríochta Éireann]]: ‘leagadh an leath ba neasa dóibh den bhaile [an taobh thoir], gonadh iar sin dob éigean dóibh sin an baile a thabhairt d’Iarla Essex agus don Bhainríon’.
[[Image:Ireland-Cahir Castle.jpg|thumbnail|150px|left|Caisleán na Cathrach]]