An difríocht idir athruithe ar: "Oilibhéar Cromail"
Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí) |
Colin Ryan (plé | dréachtaí) |
||
Líne 6:
==An Feachtas in Éirinn==
Ar [[20 Meitheamh]] 1649, cheap an Pharlaimint Oilibhéar Cromail mar
Tháinig Cromail i dtír in Éirinn ar Lúnasa 15 ag [[An Rinn (Contae Bhaile Átha Cliath)|an Rinn]], gar do Bhaile Átha Cliath. Bhí 35 long in éineacht leis agus iad lán de shaighdiúirí agus de threalamh. Tháinig a chliamhain, Henry Ireton ina dhiaidh le seachtó long sa bhreis. D'éirigh le fórsaí na Parlaiminte i mBaile Átha Cliath, faoi cheannas an Choirnéil Michael Jones, an chathair a chosaint agus bealach iontrála sábháilte a chur ar fáil do theacht isteach Chromail. Bhí sé mar aidhm ag Cromail na bailte ba thábhachtaí a ghabháil agus thug sé a aghaidh ar [[Droichead Átha|Dhroichead Átha]] i g[[Contae Lú]] ar dtús. Tá cáil na neamhthrócaireachta ar an léigear áirithe seo. Bhí fórsaí an bhaile faoi cheannas an tSasanaigh Chaitlicigh, Arthur Aston. Ní raibh fórsaí an bhaile sásta géilleadh agus nuair a tógadh an baile faoi dheireadh tar éis ionsaí trom ar na ballaí le gunnaí móra, cuireadh tromlach na saighdiúirí agus na sagart chun báis gan taise, ar ordú Chromail. Deirtear gur greadadh Arthur Aston chun báis lena chos adhmaid féin.▼
Chreid Cromail agus na ginearáil Shasanacha eile na scéalta uafásacha a foilsíodh faoin drochíde a tugadh do choilínigh in Éirinn i gcaitheamh éirí amach na bliana 1641. <ref>Féach Peter Beresford Ellis (1975). ''Hell or Connaught! The Cromwellian Colonization of Ireland 1652-1660'', Hamish Hamilton, SBN 241890713, lch 21.</ref> (Maraíodh a lán acu ach rinneadh áibhéil amach ar ar tharlam, mar sin féin.) D’fhág seo a rian ar iompar na saighdiuirí, cé gur lean Cromail féin, tríd is tríd, na rialacha cogaidh mar a bhí siad ag an am: dá ngéillfeadh baile mór ar an bpointe ní dhéanfaí díobháil dá raibh istigh ann.
▲Tháinig Cromail i dtír in Éirinn ar 15 Lúnasa
Ghéill mórán bailte móra, ach theip ar Chromail Port Láirge a ghabháil, agus chaill sé suas le 2,000 fear sa troid ag Cluain Meala i Mí Bealtaine, 1650, sular ghéill an baile mór.<ref name="autogenerated4">Kenyon & Ohlmeyer, lch.100.</ref> Ní raibh garastún Dhroichead Átha (a bhí faoi cheannas an tSasanaigh Chaitlicigh Arthur Aston) sásta géilleadh, agus nuair a gabhadh an áit faoi dheireadh tar éis ionsaí trom le gunnaí móra maraíodh beagnach 3,500 duine ar na sráideanna. I nDeireadh Fómhair 1649 tharla sléacht eile i Loch Garman, cé go raibh Cromail ag iarraidh socrú a dhéanamh ag an am. .<ref>Fraser, Antonia (1973). ''Cromwell, Our Chief of Men,'' agus ''Cromwell: the Lord Protector'' (Phoenix Press), ISBN 0-7538-1331-9 lgh344-46.</ref>
Lean an troid go ceann beagnach trí bliana tar éis do Chromail imeacht ar 16 Bealtaine 1650. Ghéill Gaillimh i Mí Aibreán 1652, agus ghéill na saighdiúirí deireanacha Caitliceacha i Mí Aibreán 1653. Coisceadh cleachtadh an Chaitliceachais agus má rugadh ar shagart cuireadh chun báis ar an bpointe é; meastar gur cuireadh timpeall 12,000 duine chun na nIndiacha Thiar mar sclábhaithe. Tugadh iarracht ar Caitlicigh nár d’aicme na gceárdaithe agus na sclábhaithe iad a chur siar chun Connacht nó chun Contae an Chláir, agus ar éigean a fágadh breis is 8% de thalamh na tire i seilbh na gCaitliceach. Baineadh feidhm as an ngorta chun na hÉireannaigh a chloí; scriosadh barra agus maraíodh eallach. Henry Ireton agus Edmund Ludlow a smachtaigh an tír tar éis Chromail, ach bhí na Sasanaigh á gcrá gan stad ag treallchogaithe (na “Tóraithe”), dream a fuair dídean ar na portaigh agus in iarsmaí na gcoillte tar éis gur briseadh airm an Chomhcheangail. <ref>Beresford Ellis, lgh 34-35, 61</ref>
==Tagairtí==
|