An difríocht idir athruithe ar: "Oilibhéar Cromail"

Tháinig Cromail i dtír in Éirinn ar 15 Lúnasa 1649 ag [[An Rinn (Contae Bhaile Átha Cliath)|an Rinn]], gar do Bhaile Átha Cliath. Bhí 35 long in éineacht leis agus iad lán de shaighdiúirí agus de threalamh. Tháinig a chliamhain Henry Ireton ina dhiaidh le seachtó long eile. D'éirigh le fórsaí na Parlaiminte i mBaile Átha Cliath an chathair a chosaint faoi cheannas an Choirnéil Michael Jones agus bealach isteach a thabhairt do thabhairt do Chromail dá bharr. Bhí sé mar aidhm ag Cromail na bailte ba thábhachtaí a ghabháil, agus ba ghearr go raibh an chuid ba mhó den oirthear agus den tuaisceart faoi smacht fhórsaí na Parlaiminte.
 
Ghéill mórán bailte móra, ach theip ar Chromail Port Láirge a ghabháil, agus chaill sé suas le 2,000 fear sa troid ag Cluain Meala i Mí Bealtaine, 1650, sular ghéill an baile mór.<ref name="autogenerated4">Kenyon & Ohlmeyer, lch.100.</ref> Ní raibh garastún Dhroichead Átha (a bhí faoi cheannas an tSasanaigh Chaitlicigh Arthur Aston) sásta géilleadh, agus nuair a gabhadh an áit faoi dheireadh tar éis ionsaí trom le gunnaí móra maraíodh beagnach 3,500 duine ar na sráideanna. I nDeireadh Fómhair 1649 tharla sléacht eile i Loch Garman, cé go raibh Cromail ag iarraidh socrú a dhéanamh ag an am. .<ref>Fraser, Antonia (1973). ''Cromwell, Our Chief of Men,'' agus ''Cromwell: the Lord Protector'' (Phoenix Press), ISBN 0-7538-1331-9 lgh344-46.</ref>
Lean an troid go ceann beagnach trí bliana tar éis do Chromail imeacht ar 16 Bealtaine 1650. Ghéill Gaillimh i Mí Aibreán 1652, agus ghéill na saighdiúirí deireanacha Caitliceacha i Mí Aibreán 1653. Coisceadh cleachtadh an Chaitliceachais agus má rugadh ar shagart cuireadh chun báis ar an bpointe é; meastar gur cuireadh timpeall 12,000 duine chun na nIndiacha Thiar mar sclábhaithe. Tugadh iarracht ar Caitlicigh nár d’aicme na gceárdaithe agus na sclábhaithe iad a chur siar chun Connacht nó chun Contae an Chláir, agus ar éigean a fágadh breis is 8% de thalamh na tire i seilbh na gCaitliceach. Baineadh feidhm as an ngorta chun na hÉireannaigh a chloí; scriosadh barra agus maraíodh eallach. Henry Ireton agus Edmund Ludlow a smachtaigh an tír tar éis Chromail, ach bhí na Sasanaigh á gcrá gan stad ag treallchogaithe (na “Tóraithe”), dream a fuair dídean ar na portaigh agus in iarsmaí na gcoillte tar éis gur briseadh airm an Chomhcheangail. <ref>Beresford Ellis, lgh 34-35, 61</ref>
6,019

edits