An difríocht idir athruithe ar: "Cromail in Éirinn 1649-1650"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Ní fada an t-achar a chaith '''Cromail in Éirinn''' - níos lú ná dhá bhliain - agus níor éirigh chomh maith leis is a shíltear go minic, ach d'fhág sé féin agus na ginearáil a lean é rian ar an tír atá soiléir go fóill.
 
Faoin mbliain 1648 bhí an Chéad Chogadh Cathartha i Sasana críochnaithe agus an Pharlaimint i réim, a bhuíochas sin ar Oilibhéar Cromail agus ar cheannairí cumasacha eile. Faoi dheireadh na bliana ní raibh fágtha sa Pharlaimint ach feisirí ar mhian leo Séarlas I a thriail ar chúiseamh tréasa (bhí an chuid eile díbeartha ag an gCoirnéal Thomas Pride). Thaobhaigh Cromail leis na feisirí a raibh triail uathu (an “Rump”) agus shínigh sé féin agus a lán eile barántas báis an Rí. Básaíodh é siúd ar 30 Eanáir 1649.