An difríocht idir athruithe ar: "Cromail in Éirinn 1649-1650"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 24:
Nuair a tháinig Cromail chun na hÉireann d’ordaigh sé nach mbainfí lón de bhunadh na haite mura n-íocfaí go cothrom as. Níor ghlac sé leis riamh go raibh sé freagrach as marú sibhialtach in Éirinn, agus dúirt nach raibh sé dian ar aon dream ach amháin daoine a raibh airm ar iompar acu. <ref>Philip McKeiver, 2007, "A New History of Cromwell's Irish Campaign"</ref> Ba é an nós míleata a bhí i bhfeidhm ag an am nach dtabharfaí trócaire d’aon bhaile mór ná d’aon gharastún nach ngéillfeadh agus deis acu chuige. <ref>[[Woolrych, Austin]] (1990). ''Cromwell as soldier'', lch 111; Gaunt, lch 117.</ref>
 
Nuair a tháinig Cromail chun réitigh le bailte móra in Éirinn, leithéidí Cheatharlach agus Chluain Meala, chloígh sé leis na coinníollacha agus chosain sé beatha agus earraí na ndaoine. <ref>Gaunt, lch 116.</ref> Deir Tom Reilly, scoláire agus údar, gur sa 19ú haois a cumadh naan scéaltascéal gofaoi maraíodhmharú neartna sibhialtach i nDroichead Átha agus i bPort Láirge, ach tá scoláirí eile ann nach bhfuil ar aon intinn leis.<ref>[[John Morrill (historian)|John Morrill]]. "Rewriting Cromwell: A Case of Deafening Silences." ''Canadian Journal of History.'' December 2003: 19.</ref>
 
An chuid ba dhéine den chur faoi chois rinneadh é faoi cheannas ginearál eile tar éis do Chromail imeacht. Scriosadh barra d’aonghnó agus bhí an dá thaobh ag marú eallach a chéile, agus meastar gurb é an scrios sin ba chúis le bás timpeall 600,000 duine as daonra 1,400,000. Sa bhliain 1655 scríobh an Coirnéal Richard Lawrence, gobharnóir Phort Láirge, gur scrios an phlá agus an gorta an oiread sin daoine timpeall na mblianta 1652 agus 1653 gurbh fhéidir leat fiche nó tríocha míle slí a shiúl agus gan beo ná ceo a fheiceáil. Ba chúis iontais é deatach nó tine a fheiceáil, agus dúirt William Petty, suirbhéir na hÉireann, nach raibh le hithe ag na bochtáin ach fiaile nó feoil lofa. <ref>Féach Beresford Ellis, lgh 8-9.</ref> Ba é Petty, freisin, a dúirt go raibh 1,448,000 duine in Éirinn sa bhliain 1641 agus gur cailleadh 616,000 díobh faoin mbliain 1652 – sin 504,000 Éireannach agus 112,000 coilíneach agus saighdiúir Sasanach.<ref>Féach Beresford Ellis, lch 25.</ref>