An difríocht idir athruithe ar: "Cromail in Éirinn 1649-1650"
Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí) |
Colin Ryan (plé | dréachtaí) |
||
Líne 22:
[[Image:cromwellcoin.jpg|thumb|Leathchoróin a cumadh le linn Chromail, 1658. Deir an inscríbhinn Laidine: OLIVAR.D.G.RP.ANG. - SCO.ET.HIB&cPRO (OLIVARIUS DEI GRATIA REIPUBLICAE ANGLIAE SCOTIAE ET HIBERNIAE ET CETERORUM PROTECTOR) - "Oilibhéar, Cosantóir Chomhlathas Shasana, na hAlban agus na hÉireann trí Dheonú Dé".]]
Nuair a tháinig Cromail chun na hÉireann d’ordaigh sé nach mbainfí lón de bhunadh na haite mura n-íocfaí go cothrom as. Níor ghlac sé leis riamh go raibh sé freagrach as marú sibhialtach in Éirinn, agus dúirt nach raibh sé dian ar aon dream ach amháin daoine a raibh airm ar iompar acu.
Nuair a tháinig Cromail chun réitigh le bailte móra in Éirinn, leithéidí Cheatharlach agus Chluain Meala, chloígh sé leis na coinníollacha agus chosain sé beatha agus earraí na ndaoine. <ref>Gaunt, lch 116.</ref> Deir Tom Reilly, scoláire agus údar, gur sa 19ú haois a cumadh an scéal faoi mharú na sibhialtach i nDroichead Átha agus i bPort Láirge, ach tá scoláirí eile ann nach bhfuil ar aon intinn leis.<ref>[[John Morrill (historian)|John Morrill]]. "Rewriting Cromwell: A Case of Deafening Silences." ''Canadian Journal of History.'' December 2003: 19.</ref>
Líne 28:
An chuid ba dhéine den chur faoi chois rinneadh é faoi cheannas ginearál eile tar éis do Chromail imeacht. Scriosadh barra d’aonghnó agus bhí an dá thaobh ag marú eallach a chéile, agus meastar gurb é an scrios sin ba chúis le bás timpeall 600,000 duine as daonra 1,400,000. Sa bhliain 1655 scríobh an Coirnéal Richard Lawrence, gobharnóir Phort Láirge, gur scrios an phlá agus an gorta an oiread sin daoine timpeall na mblianta 1652 agus 1653 gurbh fhéidir leat fiche nó tríocha míle slí a shiúl agus gan beo ná ceo a fheiceáil. Ba chúis iontais é deatach nó tine a fheiceáil, agus dúirt William Petty, suirbhéir na hÉireann, nach raibh le hithe ag na bochtáin ach fiaile nó feoil lofa. <ref>Féach Beresford Ellis, lgh 8-9.</ref> Ba é Petty, freisin, a dúirt go raibh 1,448,000 duine in Éirinn sa bhliain 1641 agus gur cailleadh 616,000 díobh faoin mbliain 1652 – sin 504,000 Éireannach agus 112,000 coilíneach agus saighdiúir Sasanach.<ref>Féach Beresford Ellis, lch 25.</ref>
Is cinnte gur tháinig an-athrú ar dhreach na tíre de bharr a ndearna na húinéirí nua, agus is éard ba chionsiocair leis sin leagan na gcoillte le haghaidh curadóireachta, easportáil adhmaid nó ceártaí iarrainn agus a gcuid fioghuail. Thug an Sasanach Gerald Boate (1652) cuntas ar an méid crann a leagadh chuige – “an infinite number of trees”.<ref>Féach Beresford Ellis, lch 28.</ref>
Is é an toradh eile a bhí ar theacht Chromail meath na scothaicme Gaelaí, rud a d’fhág a rian ar chúrsaí litríochta. Na hÉireannaigh a raibh scríobh acu chuir siad a gcrá in iúl i bhfriotal ealaíonta an tseansaoil, mar a rinne [[Fear Dorcha Ó Mealláin]] agus é ag scríobh faoi dhíbirt na gCaitliceach d’aicmí ab airde ná aicme an cheárdaí agus an sclábhaí siar chun Connacht agus chun Contae an Chláir:
Líne 36:
''Nach dtuigeann sibh, a bhráithre gaoil / cúrsaí an tsaoil le fada buan? / gé mór atá ‘nár seilbh / beag bheas linn ag dul san uaigh''
Faoin mbliana 1660 bhí smacht Shasana daingean go leor, ach níorbh fhéidir le haon duine an t-imeascadh a chosc in Éirinn. Go fiú sa bhliain 1669 chonaic Ludlow go raibh mórán saighdiúirí a bhí ar stáisiún in Éirinn ag pósadh mná áitiúla, go háirithe i gConnacht. Scríobh an Sasanach Robert Molesworth (''A True Way to Render Ireland Happy and Secure'', 1697), agus é ag machnamh ar bhuaine an chultúir Ghaelaigh: “We cannot so much wonder at this when we consider how many there are of the children of Oliver’s soldiers in Ireland who cannot speak one word of English”.
==Tagairtí==
|