An difríocht idir athruithe ar: "Eoghan Ó Riain"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
B'as [[Tiobraid Árann]] d''''Eoghan Ó Riain''' (1864-1905), Éireannach a bhí ina chónaí i [[Sydney]] na hAstráile sa chuid dheireanach den 19ú haois agus a bhí chun tosaigh i measc lucht saothraithe na Gaeilge ann. Bhí sé mór leis an Dr [[Nioclás Ó Domhnaill]], Gaeilgeoir nótálta as [[Melbourne]] a scríobh alt suimiúil faoin Rianach nuair a chuaigh sé siúd i gcré.
[[File:Panorama tipperary silvermines mountains.jpg|thumb|600px|Tiobraid Árann]]
 
Cathair ar leith ba ea Sydney: cuan fíorálainn aici, agus údaráis áitiúla ann a bhí thar a bheith neamhinniúil, rud ba chúis le drochchaoi na mbóithre (pluda sa gheimhreadh, deannach sa samhradh) agus le cliseadh an tséarachais. Sna 1880í ba chúng iad na sráideanna sa chuid ba mhó den áit agus bhí na cosáin go dona, cé go raibh cuma ghalánta ar lár an cathrach. Ní raibh aon easpa tithe gobáin ar an gcathair, agus faoi na 1890í bhí na táinte francach le fáil cois calaidh de bharr a raibh de thruailliú ann. Ach, ar nós Mhelbourne, b’áit bheoga í – na sluaite sna sráideanna, lucht díolta pióg agus prátaí bácáilte ina measc, mangairí ag reic oisrí, caife agus crúibíní, mangairí eile ag fógairt leigheas bréige. Bhí idir pháláis agus shlumanna ann, agus lánaí, clúideanna agus seantithe ann nach bhfuil a n-iarsmaí féin le fáil anois. Bhí borradh gan stad faoin daonra, ó timpeall 250,000 duine sna 1880í go dtí os cionn 400,000 i ndeireadh na haoise. Sin í an chathair a bhain an Rianach amach, agus neart Éireannach roimhe a raibh Gaeilge ó dhúchas acu.
[[File:Sydney councils.png|left|thumb|Sydney's Local Government Areas]] [[File:St Andrew's Cathedral, Town Hall, Sydney from The Powerhouse Museum Collection.jpg|left|thumb|Sydney - an Halla Cathrach a tógadh sa 19ú haois]]
 
Bhí cuma ar leith ar an Rianach. Cliobaire d’fhear groí agus féasóg fhada dhubh air. Blagaid air. É gealgháireach i gcónaí agus mór le cách, rud a cheil (dar leis an Domhnallach) an dáiríreacht a bhí ann. Rugadh é i dTiobraid Árann sa bhliain 1864 agus tháinig go dtí an Astráil nuair a bhí sé timpeall aon bhliain amháin is fiche d’aois. Duine iléirimiúil a bhí ann, múinteoir scoile, ceoltóir agus fear teangeacha. Fraincis, Iodáilis agus Spáinnis ar a thoil aige, Sínis freisin más fíor don Domhnallach, agus scoth Gaeilge.