An difríocht idir athruithe ar: "Eoghan Ó Riain"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 7:
Bhí cuma ar leith ar an Rianach. Cliobaire d’fhear groí agus féasóg fhada dhubh air. Blagaid air. É gealgháireach i gcónaí agus mór le cách, rud a cheil (dar leis an Domhnallach) an dáiríreacht a bhí ann. Rugadh é i dTiobraid Árann sa bhliain 1864 agus tháinig go dtí an Astráil nuair a bhí sé timpeall aon bhliain amháin is fiche d’aois. Duine iléirimiúil a bhí ann, múinteoir scoile, ceoltóir agus fear teangeacha. Fraincis, Iodáilis agus Spáinnis ar a thoil aige, Sínis freisin más fíor don Domhnallach, agus scoth Gaeilge.
 
A uncail Diarmaid, múinteoir oilte, a chuir oideachas air, agus fuair an Rianach a chuid céimeanna i gColáiste Bhráithre Phádraig i Maigheann Rátha. Mar bhaill de Bhráithre Phádraig a tháinig sé féin agus a dheartháir Bernard chun na hAstráile, agus bhí Eoghan ag obair mar mhúinteoir i Maitland agus in Armidale i New South Wales. D'fhág sé an t-ord agus chuaigh ag obair san ''University College'' i Redfern, Sydney, áit a raibh sé go ceann dhá bhliain déag, ag cur ógánach trí scrúduithe an Mháithreánaigh le haghaidh na hOllscoile nó trí scrúduithe na seirbhíse poiblí. Deirtear gur mhúin sé Gaeilge ann, agus rith sé ranganna don Chonradh. PhóstPhós sé ach ní raibh clann aige.
 
Fear mór iománaíochta ba ea é a thacaigh go tréan leis an gclub áitiúil. Bhí cuma Ghaelach fiú ar a mhodh imeachta, ó b’eisean an t-aon duine amháin i Sydney a raibh ''jaunting car'' aige agus í le feiceáil ar Bhóthar Bhotainí laethanta saoire. Bhí teach tábhairne aige i Sráid Sheoirse Thiar i Sydney, agus eolas le fáil air ón gcuntas bríomhar a thug an Nioclás Ó Domhnaill air: ochtar nó deichniúr páistí ag cleachtadh ríle nó poirt thuas an staighre, fidiléir agus píobaire le cloisteáil, gasra Muimhneach ag cíoradh chúrsaí an lae i nGaeilge i bparlús eile, fear an tí ina dhuine den chuideachta ó am go chéile, lucht imeartha cártaí go glórach ina gclúid féin: ‘An t-aon!’ ‘An t-aon harta!’ ‘Sonas ar do láimh, a bhuachaill,’ ‘An cuireata!’ ‘Mo ghraidhn thú, a Mhíchíl,’ ‘An cíoná!’ ‘T’anam ‘un Dia,’ ‘Is linne an cluiche’.