An difríocht idir athruithe ar: "CLG Pailís na Gréine"

Content deleted Content added
→‎Tagairtí: {{Clubanna CLG i gContae Luimnigh}}
tuilleadh eolais
Líne 24:
 
==Suíomh==
an club bunaithe i bparóiste Pailís na Gréine/Teampall Uí Bhríodáin in Oirthear Luimnigh, 22km soir ó dheas ó [[Luimneach|Cathair Luimnigh]] thart ar bhóthar an [[N24]]. Tagann formhór dá imreoirí ó na bailte Pailiís Na Gréine, An Seanphailís agus An Coinicéar agus sna ceanntracha tuaithe maguaird ar nós Rás, An Bhreac-choill agus An Garrán Mór. Tá club eile, [[CLG An Cnocán (Luimneach)|An Cnocán]], sa leath theas den pharósite timpeall Carraig an tSáirséalaigh ach is féidir le gach peileadóir agus iománaí as paróiste uile Pailís na Gréine/Teampall Uí Bhríodáin imirt le Pailís na Gréine.
 
==Cluichí==
Líne 34:
Bhuaigh Na Trádálaithe ar Phailís na Gréine, a bhí nascaithe leis [[CLG An Cnocán (Luimneach)|An gCnocán]] faoin ainm ''Pailís Aontaithe'' sa bhliain sin, i gcluiche ceannais [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh]] sa bhliain 1897 agus bhí roinnt imreoirí ón bparóiste ar fhoireann [[CLG Úlla|Úlla]] a ghabh an chorn sa bhliain 1900. Shroich An Cnocán an cluiche cheannais dhá bhliain ina dhiaidh sin ach chailleadar i gcoinne Na Trádálaithe.
 
Maraon le mórán ceanntracha eile i ndeisceart agus in oirthear an chontae, d’fhás an iomáint go tapaidh sa chuid thuaidh den pharóiste le linn blianta na 1900í agus bhuaigh PailiPailís na Gréine Craobh Iomána Sóisear Chontae Luimnigh don chéad uair sa bhliain 1915 tar éis dóibh buachaint ar [[CLG Greanach/Baile an Gharrdha|Ghreanach]] sa chluiche cheannais. Níor raibh anaon ádh ag an gclub sna blianta ina dhiaidh sin i gomórtaisí an chontae suas go ti deireadh [[An Dara Cogadh Domhanda]] nuair a rugadar Craobh Sóisear na peile leo sna blianta 1948 agus 1956 agus an iomáint arís sa bhliain 1958.
 
I ndiaidh dóibh sárú ar [[CLG Ráth Caola|Naomh Mhuire, Ráth Caola]] chun craobh sóisear an chontae a bhuachaint arís sa bhliain 1968, shroich iománaithe Pailís na Gréine cluiche cheannais [[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh|Craobh Sinsear an Chontae]] na bliana dár gcionn ach bhuaigh [[CLG Tobar Phádraig|Tobar Pádraig]] orthu. Le fiche bliain anuas, tá anpríomh-fhoireann iomáintiomána an chluib ag dul suas agus síos idir na gráid sinsear agus idirmheánach. Tar éis dóibh buachaint ar [[CLG Baile Bricín/An Bóthar Mór|Bhaile Bricín]] i gcluiche ceannais Craobh Idirmheánach an Chontae na bliana 1995, thiteadar ar ais afg deireadh na bliana 2000. D'éiríodar arís dhá bhliain ina dhiaidh sin nuair a bhuadar ar [[CLG An Dromainn/An tÁth Leacach|An Dromainn/An tÁth Leacach]] chun an craobh idirmheánach a ghabháil don dara uair ach níor fhanadar ach dhá bhliain sa phríomh-ghrád agus is club iomána idirmheánach é Pailís na Gréine ó shin i leith.
 
Níor éirigh go maith leis an bpeil i bPailís na Gréine ó bhlianta na 1960í suas go go dti an bhlian 1994 nuair a bhuadar Croabh Peile Sóisear an Chontae don tríú uair sa bhliain 1994. I ndiaidh bhuachaint ar [[CLG Baile Stiabhana|Bhaile Stiabhana]] chun Craobh Peile Idirmheánach an Chontae a ghabháil sa bhliain 2005, shroicheadar cluiche ceannais Croabh Peile na gClub Idirmheánach na Mumhan ach chailleadar i goinne Raonaithe Caribre as Corcaigh.