An difríocht idir athruithe ar: "Fiodh Ard"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 7:
 
== Stair ==
 
[[Image:IMG FethardWalls3475c.jpg|thumb|Ballaí Fhiodh Ard agus caisleán]]
 
Timpeall na bliana 1200 roghnaigh tiarna Normannach – Uilliam III de Braose, an 11ú tiarna d’Abergavenny, is dócha – cnoc Fhiodh Ard mar áit a mbunófaí baile mór. Fuair sé an chuid ba mhó de Chontae Thiobraid Árann mar phríomhthionónta sa bhliain 1201 ón Rí Eoin.
Line 16 ⟶ 14:
Chaill Uilleam de Braose Fiodh Ard sa bhliain 1208 toisc é a bheith in aighneas leis an Rí, agus sa bhliain 1215 bronnadh Fiodh Ard ar ardeaspag Chaiseal. Ba leis an ardeaspagóideacht é anuas go dtí an 16ú haois. Bhí teacht isteacht ag dul don Eaglais ó na tailte, agus bhronn Uilleam ar Ospidéal Naomh Eoin Baiste i mBaile Átha Cliath é, ach go luath sa 14ú haois thug Ab an Ospidéil ar ais do na hardeaspaig é. I dtús an 14ú bhunaigh na hAigistínigh mainistir lasmuigh den bhaile mór.
 
Bhí rath ar Fhiodh Ard sa 13ú haois; bhí síoda, iasc mara, salann, gual, tairní, adhmad agus pucáin fhíona á ndíol ann. raibh an ceantar amuigh saor ó chontúirt; bhí ropairí ann, agus i lár na haoise ba ghá coillte a leagan in aice leis an mbaile mór toisc gur creachadh agus gur maraíodh roinnt ceannaithe. I dtreo dheireadh na haoise bhí Éire ag éirí suaite, rud ba chúis le ballaí a thógáil. Sa bhliain 1292 cheadaigh an Rí do na buirgéisigh balla a thógáil le hairgead a gearradh ar feadh seacht mbliana ar earraí sa bhaile mór. Sa bhliain 1375 ceadaíodh deontas eile, agus luadh ballaí cloiche, rud a thabharfadh le tuiscint gur bhallaí adhmaid agus cré a bhí ann roimhe sin. Sa 15ú haois ceadaíodh dhá dheontas mhúrtha eile ar a laghad, agus múradh talamh breise thuaidh agus thiar.
Sna meánaoiseanna déanacha, mar sin féin, bhí tithe á dtógáil taobh amuigh den bhaile mór; sa chuid dheiridh den 15ú haois bhíodh Iarlaí Dheasmhumhan i láthair i gcúirteanna i bhFiodh Ard agus ag foilsiú reachtanna ann. Sa bhliain 1552 fuair sé cairt ríoga ó Éadbhard VI a cheadaigh d’údaráis an bhaile mhóir déileáil le cúrsaí dlí gan chur isteach ón taobh amuigh, pribhléid ar dhíol siad aisti le cíos bliantúil aon mharc déag.
[[Image:FethardWalls3483c.jpg|thumb|left|Balla Fhiodh Ard ar bhruach thuaidh na Glaise Áille]]
 
D’éirigh leis an gcorparáid cairt ríoga eile a fháil sa bhliain 1608, a bhuíochas sin ar an Ridire John Everard, mórán. Dream suntasach i ngnóthaí Fhiodh Ard ba ea muintir Everard chomh luath leis an 15ú haois, agus rinne John Everard móid dílseachta d’Eilís I, cé gur Chaitliceach é. Bhí lé na Bainríona leis, agus fuarthas cairt dá bharr; méadaíodh an Chorparáid, agus bronnadh breis pribhléidí le tráchtáil a chur chun cinn. Ordaíodh go dtógfaí halla tionóil, agus sa bhliain 1612 cheadaigh Séamas I dhá theach dídine a thógáil, ceann do mhná agus eile d’fhir. Bhí tithe nua cónaithe á dtógáil agus méadaíodh an fhaiche mhargaidh.