An difríocht idir athruithe ar: "Oileáin Árann"

Content deleted Content added
m robot Adding: eu:Aran Uharteak
m robot Adding: gl:Illas de Aran; cosmetic changes
Líne 7:
[[Íomhá:dunaonghasa2.jpg|thumb|280px|left|Radharc ar an tírdhreach [[carst]] ó [[Dhún Aonghasa]]]]
 
== Daonra ==
Tá cónaí ar os cionn míle duine ar na hoileáin inniu. Tá an pobal beag ag fás le 20 bliain anuas, tar éis meath mhall ar feadh tuairim is céad bliain roimhe sin.
Sí an [[Gaeilge|Ghaeilge]] gnáth-theanga formhór na ndaoine i gcónaí.
Líne 17:
(Is ó Cheannáireamh 2002 na huimhreacha daonra [http://www.cso.ie/census/about.htm Census 2002]).
 
== Talamh ==
Cé gur leaca móra d´aolchloch a chlúdaíonn cuid mhór de na h-oileáin i gcónaí, cruthaíodh a lán talún in am ghátair le feamainn, gaineamh, agus cré a baineadh as na scoilteanna idir na leaca móra. Fásann glasraí ar nós fataí, cairéidí agus meacain go láidir in Árainn, ach is tógáil eallach agus caoire is mó atá ar siúl ann faoi láthair.
 
== Stair ==
Deirtear gurb iad na [[Fir Boilg]] a thóg na dúnta móra atá le feiscint ar na hoileáin. Tá cónaí ar an oileán ón am iargúlta sin chomh fada agus is eol dúinn. Ba i dtús ré na [[Críostaíocht|Críostaíochta]]a in [[Éire|Éirinn]] a leath cáil na n-oileán arís, mar ar a raibh de mhainistir agus de naoimh orthu. Ina measc bhí Éanna, Rónán, Ciarán agus Caomhán, agus bhí cáil ar Árainn ar fud na h[[an Eoraip|Eorpa]] mar cheantar teagaisc i gcúrsaí creidimh agus sna hábhair eile a bhí á staidéar ag lucht léinn na hEorpa ag an am. Is uaidh sin a thugtar "Ára na Naomh" orthu fós.
 
Thréig a lán na h-oileáin ó thús an 20ú hAois ar aghaidh, le dul ar an mórthír nó ar imirce. Ba go dtí na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]] agus [[an Nua-Shéalainn]] a thug a lán acu a n-aghaidh. Ach seachas a lán d'oileáin bheaga eile in iarthar na hÉireann, bhí teacht éigin orthu fiú i rith an gheimhridh, mar go raibh bád mór as Gaillimh ag trial orthu trí huair sa tseachtain. Mar sin, ar ndóigh, níor tréigeadh aon cheann acu, agus tá borradh ar na h-oileáin anois, a chuaigh i dtreise ós na [[1980í]] nuair a thosaigh cuid mhór turasóirí ag triail orthu arís.
 
== Litríocht ==
[[Íomhá:Aranislandssatmap.jpg|300px|thumb|Oileáin Árann.]]
Tá cáil ar na hoileáin mar ar a bhfuil de bhaint acu le litríocht. Bhain cuid de seo leis an dlúthaithne a bhí ar an oileán ar an nGaeilge, agus go minic an Béarla lena thaobh. Bhíodh lucht ollscoile agus teangeolaithe eile ag triail orthu le staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge a bhí cuíosach glan fós ó thionchar an [[Béarla|Bhéarla]].
 
Chaith [[John Millington Synge]] tréimhsí fada ar Inis Meáin ag foghlaim na Gaeilge agus ag scríobh a chuid leabhar agus drámaí. B'é an dráma is cáiliúla a bhí aige ná ''[[The Playboy of the Western World]]'', a bhí bunaithe ar scéal a chuala sé ó mhuintir Inis Meáin. Bhain [[Liam Ó Flaithbheartaigh]] cáil amach i dtús an fichiú chéad ar a chuid gearrscéalta agus úrscéalta. Cé gur scríobh sé scéalta i nGaeilge ar feadh blianta, is i mBéarla atá furmhór a chuid saothair. Tugann cuid acu léargas ar an saol chrua a bhí ag na daoine, agus cuid eile ar an dtuiscint a bhí aige don nádúr. Bhí [[Máirtín Ó Direáin]] ar dhuine de na filí ba mhó le rá sa fichiú haois, agus is i nGaeilge a scríobh sé ar fad, nach mór.
 
== Naisc sheachtracha ==
*''[[:de:s:Die araner mundart|Die araner mundart]]'' (cuntas fóneolaíoch de chanúint Ghaeilge Oileáin Árann, ó [[1899]]; as [[Gearmáinis]])
 
Líne 43:
[[fi:Aransaaret]]
[[fr:Îles d'Aran]]
[[gl:Illas de Aran]]
[[hu:Aran-szigetek]]
[[it:Isole Aran]]