An difríocht idir athruithe ar: "Baile Átha Luain"

Content deleted Content added
m robot Adding: eu:Athlone; cosmetic changes
Líne 14:
 
Tá '''Baile Átha Luain''' nó '''Áth Luain''' (''Athlone'' as [[Béarla]]) nó Bl'Áth Luain sa chaint (de réir tuairiscí ón 19ú haois) ar na bailte is mó i g[[Contae na hIarmhí]] i lár na h[[Éire]]ann. Dar leis an daonáireamh de 2002 tá daonra de 23,670 ag an mbaile, agus tá sé suite ar an Abhainn na [[Sionainn|Sionna]] idir [[Gaillimh|Ghaillimh]] agus [[Baile Átha Cliath]]. Téann go leor den trácht idir [[Contae Mhaigh Eo|Mhaigh Eo]] agus [[Contae Ros Comáin|Ros Comáin]] agus Baile Átha Cliath tríd an mbaile leis, agus tógadh go leor ciorcail tráchta leis an trácht a bhogadh. Tá stáisiún traenach ar an mbaile, freisin, agus stopann líne na Gaillimhe ann, maraon le línte Bhéal Átha an Fheadha agus Chathair na Mart. Tá an [[Coimisún na Scrúduithe Stáit]] agus an [[Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain]] atá suite ann.
[[ImageÍomhá:Stmarys-2-athlone.jpg|thumb|left|250px|Eaglais Naomh Muire, Áth Luain]]
 
Tá ionad traenála ag an airm ar an mbaile, atá an-ghar do lár na tíre ina h-iomláine. Chuireadh [[Sinn Féin]] an baile ar aghaidh mar phríomhbhaile ar an tír, agus í athaontaithe agus í á riaradh ina ceithre chúige, ina gcuid moltaí "Éire Nua".
Líne 20:
Cúpla [[míle]] ó dheas de tá [[Cluain Mhic Nóis]], mainistir a bhunaigh [[Naomh Ciarán]] i [[548]], agus a bhí ina ionad léinn ar feadh na gcéadta bliain. Thóg an rí [[Toirdhealbhach Ó Conchubhair]] caisleán adhmaid ann i [[1129]].
 
Thóg na [[Normannaigh]] caisleán cloiche ar bhruacha na [[Sionainn|Sionainne]]e sa tríú haois déag, agus bhí [[Loch Ríbh]] ina ionad tábhachtach iascaireachta ó thús ama. Bhí tábhacht mhíleata leis an mbaile mar gheall ar a ionad i lár tire agus bhí garastúin ann ag [[Arm na Breataine]], mar atá anois ag [[Arm na hÉireann]]. Rinneadh léigear ar an bhaile i [[1690]] nuair a bhí [[Cogadh an Dá Rí]] ar bun. Tar éis chath a mhair deich lá d'éirigh leis an nGinearál [[Godart van Ginkel]] an baile a ghabháil i mí Meithimh [[1691]].
 
Tá forbairt mór ar siúl faoi láthair i lár an bhaile darb ainm: Lár ionad Baile Átha Luain. Tá dhá sráid nua á leagadh amach agus ostán 12 urlár. An forbairt siopadóireachta is mó taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath atá ann. Bíonn féile uile Éireann na drámaíocta sa Bhaile cuile bhliain. Tá thart ar 52 tithe tabhairne ar an mbaile, agus neart bialanna den céad scoth, go háiríthe i lár an bhaile ghar don abhainn.
Líne 34:
[[en:Athlone]]
[[es:Athlone]]
[[eu:Athlone]]
[[fi:Athlone]]
[[fr:Athlone]]