An difríocht idir athruithe ar: "An Aramais"

Content deleted Content added
m robot Adding: arz:السريان
m robot Adding: cv:Арамей чĕлхи; cosmetic changes
Líne 1:
{{Teanga|ainm=Aramais|ainm_sa_teanga='''ארמיתארמית [Arāmît]
ܐܪܡܝܐܐܪܡܝܐ [Ārāmāyâ]'''
|tír_a_labhraíonn_í_with_in=[[an Airméin]], [[an Iaráic]], [[an Iaráin]], [[Iosrael]], [[an Liobáin]], [[an Phalaistín]], [[an Rúis]], [[an tSiria]], [[an Tuirc]].
|réigiún=Ar fud an [[An Meán-Oirthear|Mheán-Oirthir]], [[Lár na hÁise]], [[an Eoraip]], [[Meiriceá Thuaidh]] agus [[an Astráil]].
|cainteoirí=445,000
|rang=Ní sa chéad 100
||líne_ghinealaigh=[[Teangacha Afráiseacha|Afráiseach]]

[[Teangacha Seimíteacha|Seimíteach]]

[[Teangacha Lár-Sheimíteacha]]

[[Teangacha Seimíteacha Iar-Thuaisceartacha]]

|iso1=
|iso2=arc
Líne 13:
|macratheanga=is ea}}

[[Teanga]] [[Teangacha Seimíteacha|Sheimíteach]] is ea í an '''Aramais''' a dtéann a stair trí mhíle bliain siar. I rith na staire seo, bhí úsáid á baint as an Aramais mar theanga oifigiúil in impireachtaí agus mar theanga naofa i reiligiúin éagsúla. Cé go bhfuil an chuid is mó den tSean-Tiomna scríofa as Eabhrais, breacadh cuid mhór de leabhartha [[Dainéil]] agus [[Eazrá]] síos sa teanga seo. Creidtear gurbh í an Aramais a bhí á labhairt ag [[Íosa Críost]] féin ó dhúchas, nó san am sin, bhí sí tagtha in áit na h[[Eabhrais|Eabhraise]]e mar phríomhtheanga labhartha sa [[An Phalaistín|Phalaistín]]. Úsáidtear Aramais sa [[An Talmúd|Talmúd]] freisin.

== Scaipeachán na hAramaise ==

I rith an dara haois déag r.Ch., thosaigh lucht labhartha na hAramaise ag socrú síos go forleathan áit a bhfuil [[an tSiria]], [[an Iaráic]] agus oirthear na [[An Tuirc|Tuirce]] inniu. De réir mar a bhí an teanga ag dul chun tábhachta, chuaigh sí in úsáid ar fud chósta na [[An Mheánmhuir|Meánmhuire]] sa [[An Leiveant|Leiveant]], agus í ag éirí coitianta lastoir d'Abhainn Tigris féin. Thug coilínigh [[Giúdachas|Ghiúdacha]] an teanga leo go dtí [[an Afraic Thuaidh]] agus [[an Eoraip]], agus leis na misinéirí Críostaí, shroich an Aramais tíortha chomh fada thoir leis an b[[An Pheirs|Peirs]], [[an India]], agus [[an tSín]] féin. Ón seachtú haois i ndiaidh bhreith Chríost ar aghaidh, chuaigh an [[Araibis]] in áit na hAramaise mar [[francbhéarla|fhrancbhéarla]] ar fud an Mheán-Oirthir. Mar sin féin, fanann an Aramais beo breabhsánta i measc na nGiúdach, na [[Mandaechas|Mandaech]] agus dreamanna áirithe de Chríostaithe mar theanga liteartha agus sna deasghnátha, agus í á labhairt i bpobail bheaga scoite ar fud na gcríoch ina raibh sí ina príomhtheanga fadó. Na trioblóidí atá ag luí ar an Meán-Oirthear le dhá chéad bliain anuas, scaip siad cainteoirí dúchais Aramaise agus daoine a shaothraíonn an teanga sa litríocht ar fud an domhain.

== Canúintí ==

Dornán de chanúintí, nó fiú de theangacha gaolmhara, is ea í an Aramais dháiríre. Is é is cúis leis an éagsúlacht seo ná an dealú agus an deighilt a tháinig idir na pobail Aramaise i rith na gcianta. D'fhorbair Aramais na nGiúdach agus Aramais na gCríostaithe go difriúil, ní nach ionadh. Cuid de na canúintí, tá siad intuigthe ag cainteoirí a chéile, ach tá leaganacha den Aramais ann freisin atá chomh dothuigthe ag lucht labhartha na gcanúintí eile is gur fearr dearcadh orthu mar theangacha scartha. Tá ainmneacha ar leith ar na canúintí. Mar shampla, tugtar Siricis (Béarla: ''Syriac'') ar Aramais Oirthearach na bpobal Críostaí. Go bunúsach, is féidir canúintí Iartharacha agus Oirthearacha a aithint, agus an teoirlíne ag dul ar an taobh thiar den Mheaspatáim. Tá sé áisiúil freisin na canúintí Nua-Aramaise - is é sin, na canúintí a labhraítear inniu - a scaradh ó na teangacha scríofa Clasaiceacha a shaothraítear mar chaighdeán liteartha i gcónaí, agus ó na leaganacha a chuaigh as úsáid go hiomlán, ionas nach gcuireann ach saineolaithe spéis iontu inniu.

== Córas Scríbhneoireachta na hAramaise ==

An chéad [[aibítir]] a cuireadh i bhfeidhm ar an Aramais, b'í an [[aibítir Fhéiniceach]] í. I rith na mblianta, d'fhorbair lucht labhartha na teanga a leagan féin den aibítir seo, a raibh cuma chearnógach air. Ghlac na h[[Iosrael|Iosraelaigh]]aigh sheanársa leis an gcóras seo agus iad ag tosú is ag scríobh a dteanga féin, mar atá, an [[Eabhrais]]. Sin é an tuige gur leis an Eabhrais is mó a shamhlaítear an stíl áirithe seo, agus go dtugtar "[[aibítir Eabhraise]]" uirthi, cé gur aibítir Aramaise a bhí ann ar dtús. Sna sleachtanna den [[An Bíobla|Bhíobla]] atá scríofa as Aramais, úsáidtear an aibítir seo, cosúil leis an gcuid eile den t[[An Sean-Tiomna|Sean-Tiomna]].

Líne 32:
Lenár linn féin, baineadh úsáid as an [[aibítir Laidineach]] leis an gcanúint Suroyo, ar ceann de na canúintí Nua-Aramaise í, a bhreacadh síos.

== Stair ==
[[Íomhá:Syriac Sertâ book script.jpg|thumb|320px|Leabhar Aramaise san [[aibítir Shiriceach]] ón aonú haois déag]]
Roinntear stair na h'''Aramaise''' ina trí phríomhchuid:
Líne 45:
* Thosaigh ré na ''Nua-Aramaise'' timpeall na bliana [[1200]], agus í á labhairt in áiteanna go dtí an lá inniu.

=== An tSean-Aramais ===

Tagraíonn an téarma úd "Sean-Aramais" don chéad ré i stair na teanga, ré atá trí chéad déag de bhlianta ar fad. Is ionann an tSean-Aramais, go praiticiúil, agus na leaganacha den teanga a chuaigh in éag cheana féin. Ba mhór an casadh taoide i stair na teanga é an bhliain 500 roimh bhreith Chríost, nó is faoin am seo a d'iompaigh an Aramais ina teanga dhomhanda, agus í ina teanga oifigiúil comhchumarsáide in impireachtaí móra millteanacha. Roimhe sin, ní raibh an Aramais Ársa á labhairt ach amháin acu siúd arbh í a dteanga dhúchasach shinseartha í. Tháinig na canúintí éagsúla den tSean-Aramais chun solais nuair a fuair an Ghréigis an lámh uachtair sa réigiún.

=== An Mheán-Aramais ===

Glactar leis an tríú haois d'aois ár dTiarna mar theorainn idir ré na Sean-Aramaise agus tréimhse na Meán-Aramaise. Chuaigh iarsmaí na hAramaise Impiriúla in éag, agus tháinig teangacha nua liteartha ina n-ionad. Níl mórán eolais againn ar a lán canúintí Sean-Aramaise, ach fágadh an-doiciméadú againn sa Mheán-Aramais, agus ciall mhaith ag na saineolaithe do na leaganacha éagsúla d'Aramais na tréimhse seo, idir ghramadach agus stór focal.

=== An Nua-Aramais ===

Labhraíonn níos mó ná ceithre chéad míle duine Aramais sa lá atá inniu ann, idir Ghiúdaigh, Chríostaithe, Mhoslamaigh agus Mhandaeigh. Bíonn cónaí orthu i gceantair iargúlta agus iad ag baint úsáide as clódóireacht agus, inniu, as na ríomhairí lena gcuid traidisiún liteartha a chaomhnú. Ó thaobh na comhthuisceana de, tá na leaganacha éagsúla den Nua-Aramais níos faide óna chéile ná mar a bhí siad riamh. Ní raibh an dá aois is déanaí ag fabhrú do chainteoirí na hAramaise. De dheasca na dtrioblóidí a bhí ag rith damhsa ar fud an Mheán-Oirthir, b'éigean dá lán de lucht labhartha na teanga dul ar imirce agus ar deoraíocht i dtíortha coimhthíocha ar fud an domhain.
Líne 61:
Timpeall na bliana [[1950]], arís, tháinig Iosrael ar an bhfód, agus dá thoradh sin, cuireadh ruaig ar na Giúdaigh as na tíortha Arabacha. Chuaigh na Giúdaigh seo, cuid mhaith acu ina gcainteoirí Aramaise, go hIosrael. Chuaigh an imirce seo chun dochair don Aramais Ghiúdach, áfach, nó dealraíonn sé go bhfuil cuid mhór de chanúintí Giúdacha na hAramaise le himeacht de dhroim an tsaoil, agus an Eabhrais níos líofa i mbéal na glúine óige ná an Aramais.

== Féach freisin ar ==
*[[Teangacha Seimíteacha]]
*[[Aram]]

=== Córas scríofa ===
*[[Aibítir Aramaise]]
*[[Aibítir Eabhraise]]
*[[Aibítir Fhéiniceach]]

=== Sa Litríocht ===
*Leabhar [[Dhainéil]]
*Leabhar [[Eazrá]]
Líne 77:

{{IdirVicí|cód=arc}}
[[Catagóir:Teangacha]]
[[Catagóir:Aramais| ]]

{{Nasc AR|en}}
{{Nasc AR|ms}}

[[Catagóir:Teangacha]]
[[Catagóir:Aramais| ]]

[[af:Aramees]]
Líne 94:
[[ca:Arameu]]
[[cs:Aramejština]]
[[cv:Арамей чĕлхи]]
[[cy:Aramaeg]]
[[da:Aramæisk]]