An difríocht idir athruithe ar: "Mangainéis"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 20:
Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí atá ag an mangainéis ná +2, +3, +4, +6 agus +7. Is iad na comhdhúile is cobhsaí na cinn ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin úd +2 ag an mangainéis, agus bíonn na comhdhúile seo dearg (an ródacróisít mar shampla, MnCo<sub>3</sub>) nó pinc. Le fírinne, bíonn dathanna na gcomhdhúl chomh láidir sin is gur féidir úsáid an dathlí a bhaint as cuid acu. Is é +2 staid ocsaídiúcháin na mangainéise in orgánach an duine freisin, agus mar sin, ní bhíonn na comhdhúile seo chomh nimhiúil agus na comhdhúile eile.
 
Comhdhúile tábhachtacha iad an dé-ocsaíd MnO<sub>2</sub> agus na sármhanganáití freisin, cosúil le sármhanganáit an photaisiam, KMnO<sub>4</sub>. Ocsaídeoir láidir í an tsármhanganáit photaisiam, agus is iomaí cineál úsáid a bhaintear aisti dá réir: bhí tábhachtach i ndíghalrú an uisce tráth, agus is féidir na baictéir a mharú in othrais athlasta léi freisin. Thairis sin, is ceimiceán agus imoibrí tábhachtach saotharlainne í.
 
[[Catagóir:Dúile ceimiceacha]]