An difríocht idir athruithe ar: "Éilís Ní Dhuibhne"

Content deleted Content added
alt nua
 
No edit summary
Líne 1:
Rugadh '''Éilís Ní Dhuibhne''' in 1954 i mBaile Átha Cliath. Bhain sí amach dochtúireacht sa [[Bhéaloideas]] sular thosaigh sí ar phost mar choimeádaí leabharlainne i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Is i ngort na litríochta, áfach, is mó atá cáil agus clú uirthi. Scríobhann Ní Dhuibhne as Béarla agus as Gaeilge, agus clúdaíonn a saothar réimse maith ábhar: úrscéalta, gearrscéalta, drámaí, agus scéalta do leanaí san áireamh. Maidir leis an mBéarla, is óna peann atá na húrscéalta: ''The Bray House'' (1990), ''Singles'' (1992), agus ''The Dancers Dancing'' (1999), a cuireadh ar ghearrliosta an duais Orange 2000. Ceithre chnuasach de ghearrscéalta atá foilsithe aici go nuige seo: ''Blood and Water'' (1988), ''Eating Women is Not Recommended'', ''The Inland Ice and Other Stories'' (1997), agus ''Pale Gold of Alaska and Other Stories'' (2001). Le haghaidh páistí a scríobhadh ''The Uncommon Cormorant'', ''The Hiring Fair'', agus ''Hugo and the Sunshine Girl''.
 
Ó thaobh na Gaeilge de, is iad na drámaí ''Milseog an tSamhraidh'' agus ''Dún na mBan'' na chéad shaothair a foilsíodh, ach is é ''Dúnmharú sa Daingean'' (2000) a rinne údar mór-le-rá Gaeilge di. Lean úrscéal eile ''Cailíní Beaga Ghleann na mBláth'' in 2003. Baineann Ní Dhuibhne leas as Gaeilge shimplí sho-léite, a bhfuil rian an Bhéarlachais uirthi go minic, chun scéalta casta lán de mhothúchán a chur os comhair an léitheora. Is minic a úsáideann sí miotais na Gaeilge, ar nós foirfeacht na Gaeltachta, sonas na gcoláistí samhraidh, nó neamhurchóideachas an bhéaloidis, mar chúlra ar a thaispeánann sí castacht an tsaoil agus an chine dhaonna.