An difríocht idir athruithe ar: "Gaeilge na Mumhan"

Content deleted Content added
Mahagaja (plé | dréachtaí)
m nasc go dtí Wikisource
Líne 95:
Tabhair faoi deara arís gur gnáth ''dh'osclaíos, dh'osclaís'' agus araile a dhéanamh de sa chaint. Le fírinne d'fheicfeá leithéidí ''do dh'oscail'', ''do dh'éirigh'' sna díolamaí béaloidis ina ndéantar aithris chruinn ar fhíorfhuaimniú na canúna.
 
Maidir leis na briathra neamhrialta, in áit an ''-as'', is é an dóigh a gcuireann siad an chéad phearsa uatha in iúl san aimsir chaite ná leathnú an chéadchonsain chonsandheireanaigh: ''thánag'' "tháinig mé", ''dúrt, duart'' "dúirt mé", ''chuala'' (gan iarmhír gan forainm) "chuala mé", ''chonac'' (fuaimniú: ''ch'nuc'') "chonaic mé" (ach, ar ndóigh, deirtear ''chuas'' "chuaigh mé", ''rugas'' "rug mé", ''bhíos'' "bhí mé"). Maidir le ''thánag'' agus ''chuala'', is iad sin na ceartfhoirmeacha stairiúla, ach is ar éigean a úsáideann aon chanúint ar leith an bheirt acu, nó i gCiarraí, rinneadh ''thána'' de ''thánag'' faoi thionchar ''chuala'', ach i gContae Chorcaí, rinneadh ''chualag'' de ''chuala'' faoi thionchar ''thánag''.
 
===An Aimsir Ghnáthchaite===