An difríocht idir athruithe ar: "Sprantais"

Content deleted Content added
m robot Adding: cu:Єспєра́нто
No edit summary
Líne 8:
|iso1=eo|iso2=epo|iso3=epo}}
 
[[Íomhá:Flag of Esperanto.svg|thumb|200px|right|BratBratach Esperanto]]
[[Teanga idirnáisiúnta]] is ea í an teanga '''Esperanto''' a thionscnaigh [[Ludwik Zamenhof]] ag deireadh na [[19ú haois|naoú haoise déag]]. An [[26 Iúil]] [[1887]] a foilsíodh an chéad téacsleabhar Esperanton i [[Vársá]] [[an Pholainn|na Polainne]]. Is é Esperanto an t-aon teanga bheo a bhfuil áit bhreithe is dáta breithe againn di. Is é an rud a theastaigh ó Zamenhof go mbeadh teanga neodrach idirnáisiúnta ann chun an caidreamh idir na náisiúin a fheabhsú agus a dhéanamh níos fusa, agus go gcuirfí cainteoirí ó chúlraí teanga éagsúla ar chomchéim. Athrú raidiceach a bhí i gceist aige: seachas an [[Béarla]] a bhrú ar lucht na [[Gaeilge]] i gcónaí, mar shampla, bheadh teanga neodrach a thabharfadh comhchearta do Bhéarlóirí is do Ghaeilgeoirí, agus mar sin chuirfí deireadh le brú na dteangacha móra ar na mionteangacha. An [[idirtheangeolaíocht]] a thugtar ar an mbrainse den [[teangeolaíocht]] a bhíonn ag plé leis an gcumarsáid idirnáisiúnta, is le hEsperanto go príomha.