An difríocht idir athruithe ar: "Cumarsáid"

Content deleted Content added
No edit summary
Ar ais tar éis loitiméireachta
Líne 1:
Smaointe, faisnéis, mothúcháin earraí nó gníomhartha a mhalartú. Tá sochaí iomlán an chine daonna bunaithe air. Úsáideann daoine comharthaí, fuaimeanna agus siombail chun cumarsáid a dhéanamh le chéile, agus baintear úsáid as meáin éagsúla chun sin a dhéanamh. Dá bhrí sin tá baint ag brainsí éagsúla den eolaíocht leis an chumarsáid: Teangeolaíocht, síceolaíocht, socheolaíocht, polaitíocht, agus teicneolaíochtaí teileagrafaíochta. Le fuaim agus le gothaíocht a chuireann leanaí daonna in iúl go bhfuil ocras, tart, eagla, áthas, srl orthu agus freagraíonn daoine do na comharthaí sin trí bhia, deoch, nó aire de chineálacha eile a thabhairt dóibh. D'fhorbair an teanga leabhartha as na gothaí céadracha agus rinne an duine gach iarracht cur le réimse agus le raon na teanga trí athraithe a dhéanamh ar an timpeallacht (comharthaí ar chrainn, clocha, deatach srl) nó trí úsáid a bhaint as [[scríbhneoireacht]] nó [[pictiúir]]. De réir mar a d'éirigh an chumarsáid níos casta ba ghá go mbeadh an cód céanna tuisceana ag an tarchuradóir (an té a chuireann an teachtaireacht) agus an glacadóir (an té a fhaigheann í).
 
Fáilte romhaibh cur leis an alt seo.
 
[[Rang:Cultúr]]
[[Rang:Cumarsáid|*]]