An difríocht idir athruithe ar: "An Ghaeilge"

Content deleted Content added
Labhraítear an Ghaeilge i dTuaisceart Éireann freisin
No edit summary
Líne 12:
|iso1=ga|iso2=gle|iso3=gle}}
 
Is í an '''Ghaeilge''' (nó ''Gaedhilge''/''an Ghaedhilge'') an [[Teanga (cumarsáid)|teanga]] Ghaelach a labhraítear in [[Éire|Éirinn]]. Is í teanga náisiúnta agus príomhtheanga oifigiúil i bPoblacht na hÉireann í. (Tá an [[Béarla]] luaite sa [[Bunreacht na hÉireann|Bhunreacht]] mar "theanga oifigiúil eile".) Ar an [[13 Meitheamh]], [[2005]] d'aontaigh airí gnóthaí eachtracha an [[Aontas Eorpach|Aontais Eorpaigh]] glacadh leis an nGaeilge mar theanga oifigiúil oibre san AE. Ón [[1 Eanáir]] 2007 cuireadh tús leis an stádas oifigiúil seo, agus ba é an tAire Nollaig Ó Treasaigh, T.D., an chéad aire Éireannach a labhair Gaeilge ag cruinniú de chuid Chomhairle na nAirí, an 22 Eanáir 2007.
 
Tá go leor ainmneacha eile réigiúnda nó stairiúla ar an teanga freisin: '''Gaedhealg''', '''Gaedhilge''', nó '''Gaedhilg''' (i g[[Conamara]]), '''Gaedhilic''' nó '''Gaeilic''' (in áiteanna i gCúige [[Uladh]] agus [[Maigh Eo]]), '''Gaedhealaing''' nó '''Gaoluinn''' (sa [[Cúige Mumhan|Mhumhain]]), '''Gaedhlag''' ([[Ó Méith]] – [[Contae Ard Mhacha|Ard Mhacha]] agus [[Contae Lú|Lú]]), '''Gàidhlig''' (in [[Albain]]), '''Gaelg'''/'''Gailck''' in [[Oileán Mhanann]] agus '''Guithealg''' nó '''Goidelc''' (Sean-Ghaeilge). Go minic, níl i gceist leo seo ach litrithe malartacha ar an bhfocal "Gaeilge" agus iad ag baint leis an tréimhse réamhchaighdeánach (féach thíos chun a thuilleadh eolais a fháil), ach tabhair faoi deara gurb iondúil inniu a úsáidtear an leagan Muimhneach d'ainm na teanga, Gaelainn, le tagairt a dhéanamh do chanúint an chúige ina gcluinfeá an t-ainm seo uirthi. D'fheicfeá '''Gaoluinn''', leis, toisc gur mar "é" fada a fhuaimnítear "ao" an litrithe sna canúintí deisceartacha.