An difríocht idir athruithe ar: "Uimhir adamhach"

Content deleted Content added
m robot Adding: fy:Atoomnûmer
m robot Adding: sq:Numri atomik; cosmetic changes
Líne 3:
 
== Stair ==
Is í an bhrí a bhíodh leis an uimhir adamhach ná uimhir na háite ina bhfuil an dúil suite i d[[Tábla Peiriadach|Tábla Peiriadach na nDúl]]. Nuair a leag [[Dmitry Ivanovich Mendeleev|Mendeleev]] Tábla Peiriadach na ndúl amach an chéad uair, leag sé na dúile amach sa tábla in ord a [[mais adamhach|maiseanna adamhacha]] agus i ngrúpaí a bhí eagraithe de réir a gcosúlachtaí ceimiceacha. Tugadh roinnt neamhrialtachtaí nó neamh-chomhoiriúnachtaí faoi deara, áfach.
 
Mar shampla, bhí an cuma ann go raibh an t-[[iaidín]] agus an [[teallúiriam]] san ord mícheart agus dá mbabhtálfaí iad, go mbeadh níos mó céille ag baint leis an ord ó thaobh na n-airíonna ceimiceacha de. Ba chiallmhaire an mhaise é, mar sin, na dúile a liostáil de réir a n-uimhreacha adamhacha. Bhí an chuma ar an scéal go raibh gaol ag an uimhir leis an mais adamhach, ach, mar a léiríodh sa neamhrialtacht thuasluaite, ba léir go gcaithfí airíonna eile a chur san áireamh.
 
Mhínigh an taighde a rinne [[Henry Mosley|Henry Gwynn Jeffreys Mosley]] sa [[1913]] na neamhrialtachtaí sa seicheamh ar deireadh. Léirigh Mosley an coibhneas docht idir [[díraonadh x-ghathach]] speictream na ndúl agus a n-áit cheart sa Tábla Peiriadach. Thángthas ar an gconclúid go bhfuil baint ag an uimhir adamhach le [[lucht leictreach]] an nuicléis, is é sin, lucht na b[[prótón]]. Is é an lucht a thugann na hairíonna ceimeacha don dúil, seachas an mais adamhach.
 
Tá dlúthcheangal idir an uimhir adamhach agus an [[maisuimhir|mhaisuimhir]] (cé gur cheart iad a idirdhealú óna chéile). Is ionann maisuimhir an adaimh agus an líon núicléón ([[prótón|prótóin]] agus [[neodrón|neodróin]]) sa [[núicléas adamhach]]. Go minic, léirítear an mhaisuimhir i ndiaidh ainm na dúile, .i. [[Radacarbón|Carbon-14]] (in úsáid i n[[dátú radacarbóin]]).
 
== Féach freisin ==
 
*[[Tábla Peiriadach]]
Líne 17:
 
<!--Interwiki-->
[[Catagóir:Ceimic]]
{{stumpa}}
 
[[Catagóir:Ceimic]]
 
[[af:Atoomgetal]]
Line 84 ⟶ 85:
[[sk:Protónové číslo]]
[[sl:Vrstno število]]
[[sq:Numri atomik]]
[[sr:Атомски број]]
[[su:Nomer atom]]