An difríocht idir athruithe ar: "Débhéascna"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Coincheap [[Sochtheangeolaíocht|sochtheangeolaíoch]] is ea í an '''débhéascna'''. Ciallaíonn sí go bhfuil an tsochaí iomlán [[Dátheangachas|dátheangach]], i gcruth is go n-úsáidtear teanga amháin i réimsí áirithe den tsaol agus den chultúr, agus teanga eile sna réimsí eile. Débhéascna atá i gceist freisin má tá an teanga scríofa chomh difriúil leis an teanga labhartha agus nach féidir í a úsáid go nádúrtha sa ghnáthchumarsáid.
 
Níl débhéascna i gceist leis an ngnáthdhifríocht idir an teanga scríofa agus an teanga labhartha, nó idir teanga na huasalaicme agus teanga na hísealaicme. Faoi imthoscaí na débhéascna, ní rithfeadh sé leis na huaisle féin an teanga scríofa, nó an "leagan ard", a úsáid le scéal magaidh a insint dá gcairde, ó bheadh sé mínádúrtha ar fad.