An difríocht idir athruithe ar: "An Bhulgáiris"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 9:
&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;'''Bulgáiris'''<br>
|teanga_oifigiúil_ginideach=[[An Bhulgáir]]
|rialtóir=Институт за български език/Institiúid na Bulgáirise
|iso1=bg|iso2=bul|iso3=bul}}
[[Teanga (cumarsáid)|Teanga]] Shlavach í an '''Bhulgáiris''', agus í an-difriúil leis an gcuid is mó de na [[teangacha Slavacha]] eile, ós rud é go bhfuil sí tar éis córas díochlaonta na n-ainmfhocal a chailleadh ina iomláine. San am céanna, choinnigh an Bhulgáiris na haimsirí a chuaigh i léig sa chuid eile de na teangacha Slavacha, agus forbraíodh tuilleadh acu faoi thionchar na [[Gréigis]]e agus na dteangacha [[Na Balcáin|Balcánacha]] - tá infhilleadh na mbriathar i bhfad níos casta sa Bhulgáiris ná sna teangacha Slavacha eile, agus a lán aimsirí comhshuite ann. Ón taobh eile de, áfach, chuaigh infinideach an bhriathair i léig sa Bhulgáiris go hiomlán. Níl ach an [[Macadóinis|Mhacadóinis]] cosúil leis an mBulgáiris ó thaobh na gramadaí de, ach ansin, is iomaí Bulgárach a deir nach bhfuil sa Mhacadóinis ach canúint Bulgáirise.