An difríocht idir athruithe ar: "Günter Grass"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 13:
== Saol ==
 
Tháinig Grass chun saoil i Danzig, áit a raibh siopa grósaera ag a mhuintir. Protastúnach Gearmánach ab ea é a athair, Willy Grass (1899-1979), ach ba Chaitliceach í a mháthair, Helene Knoff (1898-1954), agus gaolta Caisiúbacha agus Polannacha aici. Treibh áitiúil Shlavach is ea iad na Caisiúbaigh a bhfuil teanga dá gcuid acu, cé nach saothraítear mórán sa [[litríocht]] í. Tógadh Günter óg leis an gcreideamh [[Caitliceach]], cibé scéal é. Bhí cónaí ag a mhuintir i Langfuhr (inniu, Wrzeszcz, arb é an ceantar is mó daonra i Gdan'skGdańsk inniu, agus stáisiún traenach ar leith ansin), cois na sráide úd ''Labesweg'' (inniu, ''[[sráid|Ulica]] [[Joachim Lelewel|Joachima Lelewela]]''). Rugadh deirfiúr dó sa bhliain 1930.
 
D'fhreastail Günter óg ar an meánscoil úd ''Conradinum''. Bhí sé míshásta leis an atmaisféar i dteach a thuismitheoirí, ó nach raibh saol na meánaicme Caitlicí ag taitneamh le mífhoighne an ógánaigh. Mar sin, chuir sé in iúl do na húdaráis mhíleata gur theastaigh uaidh dul ar fiannas i bhfomhuireán. Ní bhfuair sé a mhian, nó ar dtús, preasáladh san ''Arbeitsdienst'' é, is é sin, ina "shaighdiúir oibre" a chaithfeadh gnáthobair thógála a dhéanamh faoi shainéide agus faoi smacht míleata. I Mí na Samhna, 1944, chuaigh sé sna saighdiúirí sa deireadh, ach níorbh é an fomhuireán a bhí i gceist, ach deichiú rannán tancanna an [[SS]], "Rannán Frundsberg". Goineadh i machaire an áir é ar an 20ú lá de Mhí Aibreáin, 1945, agus cimíodh i gcampa príosúnachta de chuid na [[SAM|Meiriceánach]] é. Sna blianta a bhí le teacht, níor thrácht sé le haon duine ar an SS. Ina áit sin, b'é an scéal a bhíodh aige ná go raibh sé ina ''Flakhelfer'', is é sin, go raibh sé ina bhuachaill cúnta san airtléire frith-aerárthaí. Níor scaoil sé leis an bhfírinne ach sa bhliain 2006, nuair a tháinig a leabhar dírbheathaisnéise, ''Beim Häuten der Zwiebel'' ("Ag Baint an Chraicinn den Oinniún"), i gcló.
Líne 23:
Chrom Grass ar an obair scríbhneoireachta an chéad uair sa bhliain 1956. Sa bhliain sin a d'fhoilsigh sé an chéad dán. An chéad chúpla saothar a bhreac sé síos, ba drámaí éigiallta agus dánta iad. Níor bhain sé amach cáil idirnáisiúnta roimh an mbliain 1959, nuair a cuireadh an t-úrscéal mór ''Die Blechtrommel'' i gcló.
 
Bhí Grass ag tacú leis an b[[Páirtí Daonlathach Sóisialta]] ó am go ham. Sa bhliain 1961, fuair sé aithne phearsanta ar [[Willy Brandt]], agus sa bhliain 1982, chuaigh sé sa pháirtí. Mar sin féin, ba mhinic a chuir a chuid tuairimí polaitiúla isteach ar an bpáirtí. Sa bhliain 1990, nuair a bhí an dá stát Gearmánacha le dul le chéile in aon stát amháin, chuir Grass in iúl nár theastaigh uaidh an tír a athaontú, agus gurbh fhearr leis cineál feidearálacht dhá stát. Na hailt chriticiúla a tháinig i gcló óna pheann ar na nuachtáin timpeall an ama seo, d'fhoilsigh sé faoin teideal ''Ein Schnäppchen namens DDR - Letzte Reden vorm Glockengeläut'' ("Goblach ar a dtugtar Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine - Na hÓráidí Deireanacha roimh na Creilleanna Báis")
faoi chlúdach leabhair iad níos deireanaí.
 
 
{{glanadh}}