An difríocht idir athruithe ar: "Murchadh Ó Briain, Iarla Inse Chuinn"

no edit summary
No edit summary
Rinne sé saighdiúireacht in Arm Spáinneach na hIodáile idir na blianta 1636 agus 1639. D’fhill sé abhaile, phós iníon an Ridire William St Leger, Uachtarán Chúige Mumhan, agus rialaigh an cúige sin tar éis bhás St Leger. Nuair a d’éirigh na hÉireannaigh amach sa bhliain 1641 chuaigh sé i leith na lonnaitheoirí agus na bProtastúnach, agus choinnigh sé smacht ar Chorcaigh agus ar iardheisceart na hÉireann in ainm an Rí go dtí gur shocraigh [[Séamas de Buitléir]], an chéad Diúc Urmhumhan, an Sos i Mí Mheán Fómhair, 1643. Sa bhliain 1642 ruaig sé arm de chuid an [[Comhcheangal na hÉireann|Chomhcheangail]] faoi cheannas [[Gearóid de Barra|Ghearóid de Barra]] ag Cath Lios Chearúill, arm a bhí ag déanamh ar Chorcaigh.
 
Dealraíonn sé go raibh gráin ar leith aige ar mhórcheannasaí eile, [[Eoghan Rua Ó Néill]]. Ba mhór idir an bheirt. Bhí an Niallach ag taobhú leis na náisiúnaithe Caitliceacha, agus bhí cúis shinseartha leis an bhfaltanas freisin, sa mhéid gur maraíodh seanathair an Bhrianaigh (Murchadh eile) sa bhliain 1597 agus é ag troid le saighdiúirí a chuaigh i bpáirt le hAodh Rua Uí Néill, uncail Eoghain.
 
== Fear na Parlaiminte ==
6,165

edits