An difríocht idir athruithe ar: "Gearóid de Barra"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Leathanach cruthaithe le 'Saighdiúir de chuid an 17ú haois ba ea '''Gearóid de Barra'''. Rugadh é i gContae Chorcaí agus, ar nós a lán fear eile den uaisle Chaitliceach, chuaigh sé ag saigh...'
 
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Saighdiúir de chuid an 17ú haois ba ea '''Gearóid de Barra'''. Rugadh é i gContae Chorcaí agus, ar nós a lán fear eile den uaisle Chaitliceach, chuaigh sé ag saighdiúireacht thar lear. Rinne sé seirbhís i reisimint Éireannach Arm na Spáinne i bhFlóndras ar feadh beagnach tríocha bliain agus é ag troid le fórsaí Chúigí Aontaithe na hÍsiltíre.
[[Image:Siege of Breda.jpg|350px|right|thumb|Na Spáinnigh ag cruinniú chun Breda, cathair san Ísiltír, faoia léigear ag na Spáinnighionsaí sa bhliain 1624. Jacques Callot a rinne.]]
 
D'fhill sé ar Éirinn sa bhliain 1640, ag iarraidh fir a earcú d'Arm na Spáinne. Ach d'éirigh na hÉireannaigh amach sa bhliain 1641, agus chuaigh de Barra i bpáirt le Comhcheangal Caitliceach na hÉireann, agus ceapadh é mar ghinearál ar fhórsaí an Chomhcheangail i gCúige Mumhan. Rinne sé ar [[Luimneach]] sa bhliain 1642 agus chuidigh Caitlicigh na cathrach leis Caisleán an Rí Eoin, áit a raibh slua Protastúnach, a ghabháil. Bhí sé ag tochailt faoi na ballaí agus bhain tairbhe as snípeirí; ghéill an namhaid agus ligeadh don fhuíoll dul chun Baile Átha Cliath.