An difríocht idir athruithe ar: "Seathrún Céitinn"

2,012 bytes added ,  14 bliain ó shin
no edit summary
Scríbhneoir agus sagart a mhair sa 17ú haois ab ea é '''Seathrún Céitinn'''. Tugtar '''Geoffrey Keating''' air as [[Béarla]] chomh maith. Rugadh i gCathair Dhúin Iascaigh i gContae Thiobraid Árann é sa bhliain 1580, agus fuair sé bás sa bhliain 1644. Sagart a bhí ann a chuaigh ag staidéar i mBordeaux agus ar bronnadh dochtúireacht air ansin. I ndiaidh dó dintiúirí an diagaire a bhaint amach, d'fhill sé ar Éirinn agus chaith sé an chuid ab fhearr dá shaol ina shagart agus ina fhear léinn i g[[Cúige Mumhan]]. Tá sé ar duine de na scríbhneoirí is tábhachtaí i stair litríocht na Gaeilge. Bhí sé faoi thionchar an [[Frithreifirméisean|Fhrithreifirméisin]] agus an [[Renaissance]], agus thuig sé go raibh saíocht agus seanchas na nGael faoi bhagairt an bháis, agus an aicme a thugadh urraíocht do na filí ag imeacht go tiubh agus ag géilleadh do bhrú na nGall. Mar sin, chinn sé ar léann traidisiúnta na nGael agus a ndearcadh féin ar stair na hÉireann a bhailiú in aon mhórshaothar amháin, mar atá, ''[[Foras Feasa ar Éirinn]]''.
Scríbhneoir agus sagart a mhair sa 17ú haois ab ea '''Seathrún Céitinn'''. Tugtar '''Geoffrey Keating''' air as [[Béarla]] chomh maith. Bhain sé cáil amach as a chuid scríbhneoireachta [[Gaeilge]], go h-áirithe ar ''[[Foras Feasa ar Éireann]]''.
 
Go dtí sin, bhí Gaeilge na staraíochta an-doléite ag an ngnáthléitheoir, rud a thuill cuid mhaith tarcaisne do na staraithe ó na filí, agus iad ag fáil lochta ar an mbréagársaíocht i dteanga na staraithe. Bhí caighdeán teanga na bhfilí, ''ceart na bhfileadh'', sách difriúil le caint na ndaoine, ach má bhí féin, bhí sé ag athrú agus ag tabhairt airde ar na forbairtí comhaimseartha de réir mar a cheadódh an traidisiún. Nuair a scríobh Céitinn an Foras Feasa, rinne sé iarracht an bhréagársaíocht a sheachaint agus suáilce na líofachta agus na soiléireachta a chleachtadh. San am céanna, chloígh sé go daingean le caighdeán comhaimseartha na teanga a bhí ábhairín ársa lena linn féin. Scríobh sé an Foras i dteanga líofa na bhfilí, rud nár thabhaigh moladh na staraithe Gaelacha eile dó, nó bhí siad den tuairim go raibh an teanga róshimplí.
Bhíodh sé ar a theitheadh go minic, mar go ndéantaí fiach ar shagairt in am sin na b[[Péindlíthe]]. Féachadh ar ''Fhoras Feasa ar [[Éire]]ann'' le ceart agus le blas na Gaeilge ón am ina mhair sé, agus deirtear go raibh a chuid Gaeilge ársa fiú san am ar ar scríobh sé é. Ach níl ceist ar bith ná go bhfuil bláth na Gaeilge fós le sonrú ann, agus gur fiú staidéar a dhéanamh air. Déantaí sin go hiondúil gur thosaigh scríbhneoirí mar an tAthair [[Peadar Ua Laoghaire]] ag scríobh i gcaint a linne féin ag deireadh an [[19ú Aois]] agus tús an [[20ú Aois]].
 
Mar sin féin, chinntigh a stíl áit thábhachtach dó i gcanóin litríochta na Gaeilge. Nuair a thosaigh athbheochan na Gaeilge i ndeireadh na naoú haoise déag, b'í Gaeilge an Chéitinnigh an chéad chaighdeán a roghnaíodh, agus teangeolaithe agus lucht léinn ar nós [[Risteard de Hindeberg]] ag moladh a mháistreacht stíle go hard na spéire. Ní raibh fad saoil i ndán do na hiarrachtaí Gaeilge an Chéitinnigh a athbheochan, nó nuair a tháinig an crú ar an tairne, bhí an lá leis an Athair [[Peadar Ua Laoghaire]] agus lucht a leanúna, agus iad den tuairim gur chóir caighdeán na Gaeilge athbheoite a bhunú ar chaint na ndaoine.
 
Amach ón bhForas Feasa, chum Seathrún Céitinn roinnt dánta, ar nós ''Óm sceol ar ardmhagh Fáil'' agus ''A Bhean lán de Stuaim'', agus scríobh sé saothair dhiaga, cosúil le ''Trí Bhior-ghaoithe an Bháis''.
 
==Nasc seachtrach==