An difríocht idir athruithe ar: "Seathrún Céitinn"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Scríbhneoir agus sagart a mhair sa 17ú haois ab ea é '''Seathrún Céitinn'''. Tugtar '''Geoffrey Keating''' air as [[Béarla]] chomh maith. Rugadh i gCathair Dhúin Iascaigh i gContae Thiobraid Árann é sa bhliain 1580, agus fuair sé bás sa bhliain 1644. Sagart a bhí ann a chuaigh ag staidéar i mBordeaux agus ar bronnadh dochtúireacht air ansin. I ndiaidh dó dintiúirí an diagaire a bhaint amach, d'fhill sé ar Éirinn agus chaith sé an chuid ab fhearr dá shaol ina shagart agus ina fhear léinn i g[[Cúige Mumhan]]. Tá sé ar duine de na scríbhneoirí is tábhachtaí i stair litríocht na Gaeilge. Bhí sé faoi thionchar an [[Frithreifirméisean|Fhrithreifirméisin]] agus an [[Renaissance]], agusi thuigndiaidh dó aithne a fháil ar an léann comhaimseartha Caitliceach sa Mhór-roinn. Thuig sé go raibh saíocht agus seanchas na nGael faoi bhagairt an bháis, agus an aicme a thugadh urraíocht do na filí ag imeacht go tiubh agus ag géilleadh do bhrú na nGall. Mar sin, chinn sé ar léann traidisiúnta na nGael agus a ndearcadh féin ar stair na hÉireann a bhailiú in aon mhórshaothar amháin, mar atá, ''[[Foras Feasa ar Éirinn]]''.
 
Go dtí sin, bhí Gaeilge na staraíochta an-doléite ag an ngnáthléitheoir, rud a thuill cuid mhaith tarcaisne do na staraithe ó na filí, agus iad ag fáil lochta ar an mbréagársaíocht i dteanga na staraithe. Bhí caighdeán teanga na bhfilí, ''ceart na bhfileadh'', sách difriúil le caint na ndaoine, ach má bhí féin, bhí sé ag athrú agus ag tabhairt airde ar na forbairtí comhaimseartha de réir mar a cheadódh an traidisiún. Nuair a scríobh Céitinn an Foras Feasa, rinne sé iarracht an bhréagársaíocht a sheachaint agus suáilce na líofachta agus na soiléireachta a chleachtadh. San am céanna, chloígh sé go daingean le caighdeán comhaimseartha na teanga a bhí ábhairín ársa lena linn féin. Scríobh sé an Foras i dteanga líofa na bhfilí, rud nár thabhaigh moladh na staraithe Gaelacha eile dó, nó bhí siad den tuairim go raibh an teanga róshimplí.