An difríocht idir athruithe ar: "Cath Lios Cearúill"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 8:
Thug an t-ionad seo buntáiste d’fhórsaí de Barra, agus d’iarr an Brianach na hÉireannaigh a mhealladh amach le hionsaí. Theip air: chosain na hÉireannaigh an áit le muscaedóirí, agus bheartaigh an Brianach ar na hÉireannaigh a ionsaí i gceart. Bhí a chuid coisithe lag le cruatan, agus ba mhó an éifeacht a bhí lena mharcra. Bhí gunnaí móra na nÉireannach suite ró-ard chun mórán díobhála a dhéanamh.
 
Sheas na hÉireannaigh an fód go maith ar dtús. Oilibhéar Stevenson, Caitliceach de shliocht Sasanach, a bhí i gceannas ar mharcra na nÉireannach. Thug siad fogha faoin namhaid agus scaip iad. Ghabh siad an Brianach féin, ach d'éirigh le deartháir an Bhrianaigh Stevenson a mharú le urchar áidh, rud a chuir beaguchtach ar na hÉireannaigh. Tar éis comhrac dian chúlaigh siad, agus ní raibh an cos-slua Éireannach cleachtach a ndóthain chun seasamh in éadan mharcra an Bhrianaigh. Ba í an eite chlé ba righne a sheas, ach thug siad an portach orthu féin faoi dheireadh. Rugadh corp Stevenson ó Lios Cearúill go mainistir [[Eas Géitine]], agus adhlacadh é le hais uaigh a athar i seaneaglais Eas Géitine.
 
Maraíodh os cionn 700 saighdiúir de chuid an Chomhcheangail, agus a lán oifigeach san áireamh. Is iomaí fear d'uaisle Chaitliceach na háite a maraíodh: chaill muintir Mhic Ghearailt Dheasmhumhan ocht bhfear déag, agus cuireadh le chéile iad i ráth a bhí in aice na háite. Rugadh corp Stevenson ó Lios Cearúill go mainistir [[Eas Géitine]], agus adhlacadh é le hais uaigh a athar i seaneaglais Eas Géitine. Chroch an Brianach caoga oifigeach ar maidin an lá dar gcionn, agus d'fhan Corcaigh i seilbh na Sasanach.
 
== Naisc Sheachtracha ==