An difríocht idir athruithe ar: "Cath Lios Cearúill"
Content deleted Content added
mNo edit summary |
Colin Ryan (plé | dréachtaí) No edit summary |
||
Líne 2:
Is éard a bhí i arm an Chomhcheangail mílistí a thóg tiarnaí áitiúla tar éis Éirí Amach na bliana 1641. Saighdiúirí Sasanacha agus Protastúnaigh áitiúla a bhí in arm an Bhrianaigh.
Ghabh de Barra [[Caisleán Lios Cearúill]], daingean ar bhruach an hAbhann Bige, agus é ag iarraidh smacht a fháil ar Chorcaigh. Thosaigh an t-imshuí ar 20 Lúnasa. Bhí talamh curadóireachta laisteas agus laistiar den chaisleán, agus portaigh nó coillte thuaidh agus thoir. An Sáirsint Thomas Ryeman a bhí i gceannas ann, tríocha fear aige agus armlón go leor. Shuigh de Barra a chuid gunnaí móra ar chnocán agus ghéill Ryeman Dé hAoine 2 Meán Fómhair.▼
▲Ghabh de Barra [[Caisleán Lios Cearúill]], daingean ar bhruach an hAbhann Bige, agus é ag iarraidh smacht a fháil ar Chorcaigh. Thosaigh an t-imshuí ar 20 Lúnasa. Bhí
Tháinig an Brianach ó Lios Cearúill chun an caisleán a athghabháil. Bhí rún ag de Barra dul go dtí Dún ar Aill roimhe sin, ach shocraigh sé ar fhanacht cois an chaisleáin nuair a tháinig an namhaid. Bhí a fhórsaí roinnte ina dtrí ghasra: an eite dheas ar ardán leis an marcra, an eite chlé le hais an chaisleáin agus gunnaí móra mar chosaint aici, an príomhghasra idir an dá cheann eile agus pící ar iompar acu.▼
▲
Thug an t-ionad seo buntáiste d’fhórsaí de Barra, agus d’iarr an Brianach na hÉireannaigh a mhealladh amach le
Sheas na hÉireannaigh an fód go maith ar dtús. Oilibhéar Stevenson, Caitliceach de shliocht Sasanach, a bhí i gceannas ar mharcra na nÉireannach. Thug siad fogha faoin namhaid agus scaip iad. Ghabh siad an Brianach féin, ach d'éirigh le deartháir an Bhrianaigh Stevenson a mharú le urchar áidh, rud a chuir beaguchtach ar na hÉireannaigh. Tar éis comhrac dian chúlaigh siad, agus ní raibh an cos-slua Éireannach cleachtach a ndóthain chun seasamh in éadan mharcra an Bhrianaigh. Ba í an eite chlé ba righne a sheas, ach thug siad an portach orthu féin faoi dheireadh. Rugadh corp Stevenson ó Lios Cearúill go dtí mainistir [[Eas Géitine]], agus adhlacadh é le hais uaigh a athar
Maraíodh os cionn 700 saighdiúir de chuid an Chomhcheangail, agus a lán oifigeach san áireamh. Is iomaí fear d'uaisle Chaitliceach na háite a maraíodh: chaill muintir Mhic Ghearailt Dheasmhumhan ocht bhfear déag, agus cuireadh le chéile iad i ráth a bhí in aice na háite. Chroch an Brianach caoga oifigeach ar maidin an lá dar gcionn, agus d'fhan Corcaigh i seilbh na Sasanach.
|