An difríocht idir athruithe ar: "Caisleán Lios Cearúill"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 10:
 
Tá dhá thúr eile ann agus cuma chearnach orthu. Tá an ceann is lú acu ar an taobh amuigh den mhúr thuaidh; tá ballaí an túir féin an-tiubh, seomra in airde ann agus boghta cruinn air, agus poll thíos ar cosúil le tobar nó carcair é. Tá staighre balla ag gabháil suas chun ardán an dín, agus doirse thiar agus thoir a thugann amach go dtí na cosáin bhalla thú.
 
Is é teach an gheata an túr is mó, agus cuma air go mbaineann sé le leath thosaigh an 13ú aois, sular tháinig tithe geata dhá thúr san fhaisean. Téitear isteach trí bhealach boghta, agus dealraíonn sé go raibh geata amuigh, geata crochta dhá throigh is fiche siar uaidh, agus geata eile sé throigh siar uaidh sin arís. Tá inse cloiche amháin dá chuid siúd ann. Ní féidir a rá anois an raibh droichead tógála ann. Tá dhá poll "murdair" sa bhoghta ar chúl an gheata amuigh.
[[Image:Porte.Narbonnaise.Carcassonne.2.png|thumb|right|Cóimheáchain geata chrochta]]
Is é teach an gheata an túr is mó, agus cuma air go mbaineann sé le leath thosaigh an 13ú aois, sular tháinig tithe geata dhá thúr san fhaisean. Téitear isteach trí bhealach boghta, agus dealraíonn sé go raibh geata amuigh, geata crochta dhá throigh is fiche siar uaidh, agus geata eile sé throigh siar uaidh sin arís. Tá inse cloiche amháin dá chuid siúd ann. Ní féidir a rá anois an raibh droichead tógála ann. Tá dhá poll "murdair" sa bhoghta ar chúl an gheata amuigh.
 
Is dócha gur tar éis 1500 a tógadh an chuid uachtarach den teach seo. Tá dhá urlar os cionn an gheata amuigh; boghta cruinn atá ar an seomra thíos agus bhí díon adhmad ar an seomra thuas. Tá tinteán faoi chumhdach sa seomra úd agus staighre síos atá curtha isteach go cliste sa mhúr thiar. Seomrá mór atá ar an gcéad urlár - halla an chaisleáin, b'fhéidir. Tá staighre bíseach ag dul síos uaidh agus staighre eile ag dul suas ón bhfuinneog thuaidh chun seomra beag túirín.