An difríocht idir athruithe ar: "Caisleán Lios Cearúill"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 8:
Tá an caisleán suite ar charraig i seascann lastuaidh de Lios Cearúill. Tá cearnóg istigh agus múrtha cosanta ina timpeall atá isteach is amach le cúig throigh is fiche ar airde agus timpeall cúig throigh ar dhoimhne ag a mbun. Tá ceithre thúr chruinne ann agus caoi réasúnta maith ar thrí cinn acu; ar éigean atá dúshraith an túir thiar theas le feiceáil, agus sa cheann sin a bhí an tobar.
 
Tá na túir cúig throigh is fiche trasna amuigh agus tá a múrtha ocht dtroigh ar dhoimhne. Bhí an bealach isteach ar an gcéad urlár, agus staighrí bíseacha ag gabháil suas as sin go dtí urláir eile agus go dtí an cosán balla. As adhmad a rinneadh na hurláir. Tá trí pholl chúnga lámhaigh suite i spré leathan fuinneoige ag leibhéal an phríomhurláir sna túir atá fos ann, agus taispeánann roinnt coirbéal go mbíodh léibhinn ag gobadh amach ón uchtbhalla. Bhí na túir go léir urlár níos airde ná na múir.
 
Tá dhá thúr eile ann agus cuma chearnach orthu. Tá an ceann is lú acu ar an taobh amuigh den mhúr thuaidh; tá ballaí an túir féin an-tiubh, seomra in airde ann agus boghta cruinn air, agus poll thíos ar cosúil le tobar nó carcair é. Tá staighre balla ag gabháil suas chun ardán an dín, agus doirse thiar agus thoir a thugann amach go dtí na cosáin bhalla thú.