An difríocht idir athruithe ar: "Cath Lios Cearúill"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 3:
Is éard a bhí i arm an Chomhcheangail mílistí a thóg tiarnaí áitiúla tar éis Éirí Amach na bliana 1641. Saighdiúirí Sasanacha agus Protastúnaigh áitiúla a bhí in arm an Bhrianaigh.
 
Ghabh de Barra [[Caisleán Lios Cearúill]], daingean ar bhruach anna hAbhann Bige, agus é ag iarraidh smacht a fháil ar Chorcaigh. Thosaigh an t-imshuí ar 20 Lúnasa. Bhí páirceanna laisteas agus laistiar den chaisleán, agus portaigh nó coillte thuaidh agus thoir. An Sáirsint Thomas Ryeman a bhí i gceannas ann, tríocha fear aige agus armlón go leor, ach shuigh de Barra a chuid gunnaí móra ar chnocán agus ghéill Ryeman Dé hAoine 2 Meán Fómhair.
 
Bhí de Barra ag brath ar Dhún ar Aill a bhaint amach, ach tháinig an Brianach ó Chorcaigh chun an caisleán a athghabháil agus shocraigh de Barra ar dhul i ngleic leis. Bhí a arm roinnte ina thrí ghasra: an eite dheas ar ardán leis an marcra, an eite chlé le hais an chaisleáin agus gunnaí móra mar chosaint acu, an príomhghasra idir an dá cheann eile agus pící ar iompar acu.