An difríocht idir athruithe ar: "Cath Lios Cearúill"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 5:
Ghabh de Barra [[Caisleán Lios Cearúill]], daingean ar bhruach na hAbhann Bige, agus é ag iarraidh smacht a fháil ar Chorcaigh. Thosaigh an t-imshuí ar 20 Lúnasa. Bhí páirceanna laisteas agus laistiar den chaisleán, agus portaigh nó coillte thuaidh agus thoir. An Sáirsint Thomas Ryeman a bhí i gceannas ann, tríocha fear aige agus armlón go leor, ach shuigh de Barra a chuid gunnaí móra ar chnocán agus ghéill Ryeman Dé hAoine 2 Meán Fómhair.
 
==An Comhrac==
Bhí de Barra ag brath ar Dhún ar Aill a bhaint amach, ach tháinig an Brianach ó Chorcaigh chun an caisleán a athghabháil agus shocraigh de Barra ar dhul i ngleic leis. Bhí a arm roinnte ina thrí ghasra: an eite dheas ar ardán leis an marcra, an eite chlé le hais an chaisleáin agus gunnaí móra mar chosaint acu, an príomhghasra idir an dá cheann eile agus pící ar iompar acu.
Thug an t-ionad seo buntáiste d’fhórsaí de Barra, agus d’iarr an Brianach na hÉireannaigh a mhealladh amach le hamas bréige. Theip air: chosain na hÉireannaigh an áit le muscaedóirí, agus bheartaigh an Brianach ar na hÉireannaighiad a ionsaí i gceart. Bhí a chuid coisithe lag le cruatan, agus ba mhó an éifeacht a bhí lena mharcra. Bhí gunnaí móra na nÉireannach suite ró-ard chun mórán díobhála a dhéanamh.
 
Sheas na hÉireannaigh an fód go maith ar dtús. Oilibhéar Stevenson, Caitliceach de shliocht Sasanach, a bhí i gceannas ar mharcra an Chomhcheangail. Thug siad fogha faoin namhaid agus scaip iad. Ghabh siad an Brianach féin, ach d'éirigh le deartháir an Bhrianaigh Stevenson a mharú le urchar áidh, rud a chuir beaguchtach ar na hÉireannaigh. Tar éis comhrac dian chúlaigh siad, agus ní raibh an cos-slua Éireannach cleachtach a ndóthain chun seasamh in éadan mharcra an Bhrianaigh. Ba í an eite chlé ba righne a sheas, ach thug siad an portach orthu féin faoi dheireadh. Rugadh corp Stevenson ó Lios Cearúill go dtí mainistir [[Eas Géitine]], agus adhlacadh é le hais uaigh a athar sa tseaneaglais ann.