An difríocht idir athruithe ar: "Ceoldráma spáis"

Content deleted Content added
m robot Adding: tr:Uzay operası
Líne 27:
==Géarchéim an Cheoldráma Spáis==
 
Thosaigh an ceoldráma spáis den chineál "thraidisiúnta" ag rith gann faoin am sin. Ní raibh an oiread sin de na hirisí "laín" (''pulp'')garrfhicsin fágtha ar an saol a thuilleadh, agus mar sin, ní fhéadfá do chuid a shaothrú ckomhchomh réidh sin ar an chineál seo scríbhneoireachta ní ba mhó. Iad siúd a bhí ag cromadh ar fhicsean eolaíochta a scríobh san am, bhí uaillmhian liteartha orthu, agus iad ag déanamh a bheag den cheoldráma spáis, nach raibh ann, dar leofa, ach gnáth[[éalúchas]].
 
Mar sin féin, tháinig scríbhneoirí úra ar an bhfód sna caogaidí féin agus iad ag scríobh litríocht den chineál áirithe seo. I dtús na gcaogaidí, bhain [[Poul Anderson]] - Meiriceánach de phór na Danmhairge - amach an-cháil agus é ag cumadh ceoldrámaí spáis a raibh an-gháifeacht iontu. D'fhéach sé leis na dlíthe nádúrtha a urramú ina chuid scríbhinní, ach nuair a tháinig an cruth ar an tairne, níor éirigh leis gan déanamh in uireasa rudaí dodhéanta cosúil leis an taisteal forsholais. (Féach an t-úrscéal ''Tau Zero'', mar shampla.) Ina dhiaidh sin féin, is dócha gurb é ''The Starman of Llyrdis'' le [[Leigh Brackett]] an ceoldráma spáis is tábhachtaí dár foilsíodh sna caogaidí. Fear óg é an laoch, agus coimhthíos air roimh an ngnáthshaol. Faigheann sé amach, ansin, nach duine daonna ón Domhan é ar aon nós, ach duine de scothaicme idir-réaltach spástaistil.