An difríocht idir athruithe ar: "Eoghan Ó Riain"

Content deleted Content added
mNo edit summary
~~
Líne 1:
B'as [[Tiobraid Árann]] d''''Eoghan Ó Riain''' (1864-1905), Éireannach a thugtaí ''Eugene Ryan'' air i mBéarla agus a bhí ina chónaí i [[Sydney]] na [[An Astráil|hAstráile]] sa chuid dheireanach den [[19ú haois]]. Bhí chun tosaigh i measc lucht saothraithe na Gaeilge ann, agus é mór leis an Dr [[Nioclás Ó Domhnaill]], Gaeilgeoir nótálta as [[Melbourne]] a scríobh alt suimiúil faoin Rianach nuair a chuaigh sé siúd i gcré.
[[File:Panorama tipperary silvermines mountains.jpg|thumb|600px|Tiobraid Árann]]
 
Cathair ar leith ba ea Sydney: cuan fíorálainn aici, agus údaráis áitiúla ann a bhí thar a bheith neamhinniúil, rud ba chúis le drochchaoi na mbóithre (pluda sa gheimhreadh, deannach sa samhradh) agus le cliseadh an tséarachais. Sna [[1880í]] ba chúng iad na sráideanna sa chuid ba mhó den áit agus bhí na cosáin go dona, cé go raibh cuma ghalánta ar lár an cathrach. Ní raibh aon easpa tithe gobáin ar an gcathair, agus faoi na 1890í bhí na táinte [[Francach (ainmhí)|francach]] le fáil cois calaidh de bharr a raibh de thruailliú ann. Ach, ar nós Mhelbourne, b’áit bheoga í – na sluaite sna sráideanna, lucht díolta pióg agus prátaí bácáilte ina measc, mangairí ag reic oisrí, caife agus crúibíní, mangairí eile ag fógairt leigheas bréige. Bhí idir pháláis agus shlumanna ann, agus lánaí, clúideanna agus seantithe ann nach bhfuil a n-iarsmaí féin le fáil anois. Bhí borradh gan stad faoin daonra, ó timpeall 250,000 duine sna 1880í go dtí os cionn 400,000 i ndeireadh na haoise. Sin í an chathair a bhain an Rianach amach, agus neart Éireannach roimhe a raibh [[Gaeilge]] ó dhúchas acu.
[[File:St Andrew's Cathedral, Town Hall, Sydney from The Powerhouse Museum Collection.jpg|left|thumb|Sydney - an Halla Cathrach a tógadh sa 19ú haois]]
 
Bhí cuma ar leith ar an Rianach. Cliobaire d’fhear groí agus féasóg fhada dhubh air. Blagaid air. É gealgháireach i gcónaí agus mór le cách, rud a cheil (dar leis an Domhnallach) an dáiríreacht a bhí ann. Rugadh é i dTiobraid Árann sa bhliain 1864 agus tháinig go dtí an Astráil nuair a bhí sé timpeall aon bhliain amháin is fiche d’aois. Duine iléirimiúil a bhí ann, múinteoir scoile, ceoltóir agus fear teangeacha. [[Fraincis]], [[Iodáilis]] agus [[Spáinnis]] ar a thoil aige, Sínis freisin más fíor don Domhnallach, agus scoth Gaeilge.
 
A uncail Diarmaid, múinteoir oilte, a chuir oideachas air, agus fuair an Rianach a chuid céimeanna i gColáiste Bhráithre Phádraig i Maigheann Rátha. Mar bhaill de Bhráithre Phádraig a tháinig sé féin agus a dheartháir Bernard chun na hAstráile, agus bhí Eoghan ina mhúinteoir i Maitland agus in Armidale i [[New South Wales]]. D'fhág sé an t-ord agus chuaigh ag obair san ''University College'' i Redfern, Sydney, áit ar thug sé dhá bhliain déag, é ag cur ógánach trí scrúduithe an Mháithreánaigh le haghaidh na hOllscoile nó trí scrúduithe na seirbhíse poiblí. Deirtear gur mhúin sé Gaeilge ann, agus rith sé ranganna don Chonradh. Phós sé ach ní raibh clann aige.
 
Fear mór iománaíochta ba ea é a thacaigh go tréan leis an gclub áitiúil. Bhí cuma Ghaelach fiú ar a mhodh imeachta, ó b’eisean an t-aon duine amháin i Sydney a raibh ''jaunting car'' aige agus í le feiceáil ar Bhóthar Bhotainí laethanta saoire. Bhí teach tábhairne aige i Sráid Sheoirse Thiar i Sydney, agus eolas le fáil air ó chuntas bríomhar Niocláis Uí Dhomhnaill air: ochtar nó deichniúr páistí ag cleachtadh ríle nó poirt thuas an staighre, fidiléir agus píobaire le cloisteáil, gasra Muimhneach ag cíoradh chúrsaí an lae i nGaeilge i bparlús eile, fear an tí ina dhuine den chuideachta ó am go chéile, lucht imeartha cártaí go glórach ina gclúid féin: ‘An t-aon!’ ‘An t-aon harta!’ ‘Sonas ar do láimh, a bhuachaill,’ ‘An cuireata!’ ‘Mo ghraidhn thú, a Mhíchíl,’ ‘An cíoná!’ ‘T’anam ‘un Dia,’ ‘Is linne an cluiche’.
 
Bhí an Rianach ar a dhícheall ag cur chúis an Rialtais Dhúchais in Éirinn chun cinn, é ina bhall de choistí agus d’fhochoistí agus airgead á bhailiú aige. Cailleadh é sa bhliain 1905 in aois a aon bhliain amháin is dhá scór – bás roimh aois – agus fuarthas teachtaireacht chomhbhróin ó Willy Redmond, ceannaire an pháirtí Éireannaigh i Westminster. Ní fios cén taobh a rachadh sé leis tar éis Sheachtain na Cásca, nuair a bhí na seanchuspóirí imithe le gaoth agus Éire de shaghas nua ag teacht ar an saol.
 
==Tagairtí==
{{glanadh-mar|Tagairtí?}}
 
==Féach freisin==
*[[An Ghaeilge san Astráil]]
 
[[Catagóir:Scríbhneoirí Éireannacha|OriaineoghanO Riain. Eoghan]]
[[Catagóir:Scríbhneoirí Astrálacha|OriaineoghanO Riain. Eoghan]]
[[Catagóir:Diaspóra Éireannach|OriaineoghanO Riain. Eoghan]]