An difríocht idir athruithe ar: "Domhandú"

Content deleted Content added
m roboto aldono de: az:Qloballaşma
m robot Adding: li:Globalisering; cosmetic changes
Líne 1:
I ndeireadh na fíchiú haoise, d'éirigh sé coitianta a rá go raibh an saol ag dul chun '''domhandais'''. Is é is domhandas ann sa chiall fhaiseanta seo ná [[idirnáisiúnú]] na [[Teileachumarsáid|teileachumarsáide]], na [[Eacnamaíocht|heacnamaíochta]], an [[Cultúr|chultúir]] agus na [[Polaitíocht|polaitíochta]].
 
== Ciall an fhocail agus an diospóireacht fúithi ==
 
Is é an sainmhíniú a thug an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ar an domhandas ná "an dóigh a bhfuil comhspleáchas eacnamaíochta na dtíortha ar fud an domhain ag fás, agus an trádáil trasteorann is na sreabhanna caipitil ag dul i méadaíocht agus i bhfairsinge is an teicneolaíocht ag éirí níos leitheadúla agus níos uileghabhálaí". An ciallú a thug an Fóram Idirnáisiúnta um an Domhandas ar an gcoincheap seo, áfach, cuireann sé an chuid is mó den bhéim ar chomhchruinniú an chaipitil agus ar an gcumhacht atá ag na corparáidí idirnáisiúnta - beag beann ar na rialtais agus ar na forais pholaitiúla. Is é tuairim go leor teoiriceoirí, Immanuel Wallerstein ina measc, ná nach féidir an domhandas a thuiscint ach mar chuid d'fhorbairt stairiúil an chaipitlíochais idirnáisiúnta. San am céanna, is iomaí ciall éagsúil a bhaintear as coincheap an domhandais, agus na tráchtairí difriúla ag cur an chuid is mó den bhéim is den fhreagracht ar na corparáidí, ar na rialtais nó ar na daoine aonair. Cibé scéal é, is léir go bhfuil cúrsaí na polaitíochta, na heacnamaíochta agus na teicneolaíochta fite fuaite le chéile i bpróiseas an domhandais.
Líne 17:
Cuid thábhachtach den domhandas is ea í forbairt na teileachumarsáide, agus é ag déanamh "sráidbhaile domhanda" den domhan ar fad, mar a dúirt [[Marshall McLuhan]]. Sa bhliain 1850, thógfadh sé conablach bliana an turas timpeall an Domhain a thabhairt. Inniu, is féidir leat an turas céanna a chur díot ar feadh aon lá amháin agus litir ríomhphoist a chur chuig do chara ar thaobh eile den phláinéad is dúchas dúinn. Ó tháinig gléasanna nua iompair in úsáid, chuaigh na praghasanna taistil in ísle freisin. An tuinnín a maraíodh inniu san Atlantach Thuaidh, is féidir gur sa tSeapáin a íosfar amárach é. Agus, ar ndóigh, bíonn sócmhainní éagsúla eacnamaíocha, scaireanna agus eile ag dul ó lámh go lámh ar fud an domhain gan chostas ar bith, a bheag nó a mhór.
 
== Stair ==
 
Ós rud é gur féidir cialla éagsúla a bhaint as an gcoincheap féin, bíonn tuiscintí éagsúla ag dreamanna difriúla ar stair an domhandais, leis. Má ghlactar leis an domhandas eacnamaíoch mar phríomhghné an domhandais, is ionann stair an domhandais agus stair na saorthrádála. Chuaigh an saol chun domhandais agus na náisiúin ag teacht ar an bhfód, ag baint amach neamhspleáchais mar stáit agus ag cur forais agus fothuithe cobhsaí ar bun, ionas go mbeadh na gnólachtaí i dtíortha difriúla ábalta iomlaoid a dhéanamh ar a gcuid táirgí le chéile chomh furasta agus ab fhéidir.
Líne 27:
Is iad na [[babhtaí caibidlíochta trádála]] a choinníonn an saol ag dul chun domhandais ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda ar aghaidh. Ar dtús, b'é an Comhaontú Ginearálta um Thairifí agus Trádáil ([[GATT]]) a chuir tús leis an gcaibidlíocht seo. B'é an príomhchonradh saorthrádála ar síníodh an chéad leagan de i m[[Bretton Woods]] sa bhliain 1944, agus tháinig roinnt mhaith conarthaí saorthrádála eile ar an bhfód dá thoradh. Le linn an bhabhta caibidlíochta ar a dtugtar Babhta [[Uragua]], bunaíodh Eagraíocht Trádála an Domhain ([[WTO]]) leis na diospóireachtaí trádála a réiteach idir na stáit. Síníodh an dúrud conarthaí trádála eile leis an tsaorthrádáil a chinntiú idir stáit áirithe, agus bhí codanna de Chonradh Maastricht agus Comhaontú Saorthrádála Mheiriceá Thuaidh ([[NAFTA]]) ceaptha le baint de thairifí agus de thaillí na trádála idirnáisiúnta freisin.
 
== Éirim an scéil ==
 
Tá sé ina mhórábhar diospóireachta ag na hacadúlaigh, an bhfuil an saol dháiríre ag dul chun domhandais inniu ar aon bhealach ar leith, nó tá cuid acu den bharúil nach bhfuil i gceist ach déantán anailiseach, is é sin, finscéal nó miotas a cruthaíodh mar thoradh na n-iarrachtaí leis na cúrsaí seo a anailisiú is a thuiscint. Cé go bhfuil glacadh fairsing leis an téarma, is iomaí údar atá ag áitiú go bhfacthas a leithéid seo eile roimhe seo sa stair cheana féin. Thairis sin, níl an tsaorthrádáil idirnáisiúnta ná ollchumhacht na mórchorparáidí chomh seanbhunaithe i saol an lae inniu agus a shíltear, dar le cuid acu.
Líne 37:
Deir daoine nach bhfuil i gceist leis an domhandas, go príomha, ach tuiscint ar leith ar chuma an domhain agus léamh ar leith ar a gheograife. Iad siúd a bhaineann an chiall seo as an domhandas, tá siad den tuairim go bhfuil an domhan á rialú ag na nua-liobrálaithe agus iad i gceannas ar na forais idirnáisiúnta airgeadais. Úsáideann na forais seo coincheap an domhandais le polasaithe áirithe a chur chun tosaigh mar nach mbeadh aon rogha eile ann, agus iad ag áitiú gur forbairt dhostoptha atá ann seachas polasaí polaitiúil. Mar sin, ní féidir leis na rialtais náisiúnta cur in aghaidh na n-éileamh a dhéanann, cuir i gcás, an Banc Domhanda orthu an geilleagar a shruthlíniú agus a oscailt don iomaíocht idirnáisiúnta de réir gormchló réamhdhéanta, gan aird a thabhairt ar na himthoscaí áitiúla ná ar leas na mbochtán.
 
== Ciallú an domhandais ==
 
Is gnách an domhandas a chomhionannú le claontachtaí áirithe forbartha a tháinig chun solais ó dheireadh an [[Dara Cogadh Domhanda]] i leith. Go bunúsach, is é an cineál forbair atá i gceist ná go bhfuil na tráchtearraí, an t-airgead, an t-eolas agus na daoine ag dul ó thír go tír níos fusa agus níos luaithe ná roimhe seo, agus an teicneolaíocht, na heagraíochtaí, na dlíthe agus an t-infreastruchtúr domhanda níos fearr ag freastal ar an bhforbairt seo. Níltear ar aon fhocal faoi na claontachtaí seo leanas a bheith ann dháiríre, nó cuid mhaith acu tá siad ina n-ábhar conspóide i gcónaí.
Líne 57:
* tá an imirce - idir dhlíthiúil agus mhídhlíthiúil - ag fás
 
== Frithdhomhandas ==
 
Tá siadsan ann a bhíonn ag fáil lochta ar an domhandas eacnamaíoch, ós é a dtuairim siúd nach bhfuil sé ag freastal ar riachtanaisí na ndaoine ar fad, ná ag eascairt astu go nádúrtha. Is é an cáineadh tipiciúil a chloisfeá ó lucht an fhrithdhomhandais ná go bhfuil an fhorbairt seo ag brath níos mó ar thoil na scothaicmí ná ar éilimh na cosmhuintire. Is é an rud atá de dhíth, dar leo, ná forais agus institiúidí nua idirnáisiúnta a d'fhágfadh cead cainte ag lucht an bhochtanais chomh maith, gan aon trácht a dhéanamh ar na fadhbanna éiceolaíocha nach bhfuil inleigheasta ach náisiúin an uile dhomhain a bheith ag cur le chéile. Ábhar conspóideach is ea é ceist na himirce domhanda freisin. Cé acu atá an imirce riachtanach nó neamhriachtanach, inseachanta nó dosheachanta, ag dul chun leasa nó chun dochair don eacnamaíocht is don timpeallacht? Iad siúd a bhfuil dea-dhearcadh acu uirthi, deir siad nach bhfuil ann ach lucht oibre an dá chineál - idir lucht an fhorbhríste agus lucht na veistí bána - ag dul ó áit go háit ar lorg an tuarastail is fearr. Maidir leis na criticeoirí, áfach, bíonn siad den tuairim gur sórt spailpínteacht nó náibhíocht nua-aimseartha atá ann, agus na daoine ag iarraidh éalú ó éadóchas na slumanna uirbeacha sna tíortha tearcfhorbartha.
Líne 63:
Ní féidir a rá go mbeadh aon ghluaiseacht amháin frithdhomhandais ann. Bíonn idir náisiúnaithe radacacha, faisistithe agus nua-Naitsithe fiú, ón eite dheis agus lucht cosanta an leasa phoiblí ón eite chlé, ar nós leithéidí [[Noam Chomsky]], ag léiriú míshástachta i leith an dóigh a bhfuil na scothaicmí ag láimhseáil cheisteanna an domhandais.
 
== Bá leis an domhandas ==
 
== Tuiscintí eile ==
{{Nasc AR|id}}
{{Nasc AR|mk}}
 
[[Catagóir:Gnó]]
 
{{Nasc AR|id}}
{{Nasc AR|mk}}
 
[[af:Globalisering]]
Line 112 ⟶ 111:
[[la:Globalizatio]]
[[lb:Globaliséierung]]
[[li:Globalisering]]
[[lt:Globalizacija]]
[[lv:Globalizācija]]