An difríocht idir athruithe ar: "Caisleán Lios Cearúill"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Wikify
Líne 1:
Is cosúil gur sa [[13ú haois]] a tógadh '''Caisleán Lios Cearúill''', agus síltear gur tiarna éigin de chuid mhuintir de Barra a bhunaigh é. Ba é Pilib de Barra an chéad duine dá mhuintir a chuaigh i dtreis i gCúigeg[[Cúige Mumhan]]; Rí Eoin a dheimhnigh Uilliam, mac Philib, i seilbh thailte a athar sa bhliain 1206, agus thosaigh muintir de Barra á nGaelú féin.
 
Sa bhliain 1625 fuair an Ridire Philip Perceval an caisleán le foriamh agus le coigistiú; chaill sé é sa bhliain 1642 ach fuair ar ais é, agus d'fhan an caisleán i seilbh a shleachta go ceann i bhfad.
 
Sa bhliain 1936 ainmníodh an caisleán mar [[Séadchomharthaí Náisiúnta na hÉireann|Shéadchomhartha Náisiúnta]] faoi choimirce Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí, agus tosaíodh á dheisiú.
 
==Múrtha agus Túir==
Tá an [[caisleán]] suite ar charraig i seascann lastuaidh de [[Lios Cearúill]]. Tá cearnóg istigh agus múrtha cosanta ina timpeall atá isteach is amach le cúig throigh is fiche ar airde agus timpeall cúig throigh ar dhoimhne ag a mbun. Tá ceithre thúr chruinne ann agus caoi réasúnta maith ar thrí cinn acu; ar éigean atá dúshraith an túir thiar theas le feiceáil, agus sa cheann sin a bhí an tobar.
 
Tá na túir cúig throigh is fiche trasna amuigh agus tá a múrtha ocht dtroigh ar dhoimhne. Bhí an bealach isteach ar an gcéad urlár, agus staighrí bíseacha ag gabháil suas as sin go dtí urláir eile agus go dtí an cosán balla. As adhmad a rinneadh na hurláir. Tá trí pholl chúnga lámhaigh suite i spré leathan fuinneoige ag leibhéal an phríomhurláir sna túir atá fos ann, agus taispeánann roinnt coirbéal go mbíodh léibhinn ag gobadh amach ón uchtbhalla. Bhí airde urláir ag na túir ar na múrtha.
Líne 16:
Is é teach an gheata an túr is mó, agus cuma air go mbaineann sé le leath thosaigh an 13ú aois, sular tháinig tithe geata dhá thúr san fhaisean. Téitear isteach trí bhealach boghta, agus dealraíonn sé go raibh geata crochta dhá throigh is fiche siar ón ngeata tosaigh agus geata eile sé throigh siar uaidh sin arís. Tá inse cloiche amháin fágtha den gheata úd. Ní féidir a rá anois an raibh droichead tógála ann, ach tá dhá poll "murdair" sa bhoghta díreach ar chúl an gheata thosaigh.
 
Is dócha gur tar éis [[1500]] a tógadh an chuid uachtarach den teach seo. Tá dhá urlar os cionn an gheata amuigh; boghta cruinn atá ar an seomra thíos agus bhí díon adhmad ar an seomra thuas. Tá tinteán faoi chumhdach sa seomra úd agus staighre síos curtha isteach go cliste sa bhalla thiar. SeomráSeomra mór atá ar an gcéad urlár - halla an chaisleáin, b'fhéidir. Tá staighre bíseach ag dul síos uaidh agus staighre eile ag dul suas ón bhfuinneog thuaidh chun clúid túirín.
 
Tá trí fhuinneog sa halla, spré leathan acu agus múnlú cíoma os a gcionn. Sa seomra thuas tá fuinneoga cúnga le feiceáil. Tá cloigeann síonchaite cloiche ar gach taobh den fhuinneog mhór os cionn na háirse thosaigh.
==Féach freisin==
*[[Cath Lios Cearúill]]
 
*[[Lios Cearúill]]
*Caisleán Lios Cearúill - [http://homepage.eircom.net/~liscarroll/Website/index_files/Page363.htm]
 
==Naisc==
*Caisleán Lios Cearúill - [http://homepage.eircom.net/~liscarroll/Website/index_files/Page363.htm Homepage.eircom.net/~liscarroll - Caisleán Lios Cearúill]
 
*[[Cath Lios Cearúill]]
 
[[Catagóir:Caisleáin na hÉireann]]
*[[Lios Cearúill]]
 
[[en:Liscarroll Castle]]