An difríocht idir athruithe ar: "An Chreimil"

2 bytes removed ,  11 bliain ó shin
no edit summary
Is í '''an Chreimil''' an daingean istigh i [[Moscó]], ina bhfuil cónaí ar Uachtarán na [[An Rúis|Rúise]]. Is éard is bunús leis an bhfocal sin ná ''Кремль'' (''"Kreml'''") na Rúisise, a chiallaíonn "dúnfort", go háirithe dúnfort i gcroílár na cathrach. Bíonn "creimileanna", nó dúnfoirt den chineál seo, i seanchathracha Rúiseacha eile freisin, ach is í an Chreimil i Moscó an ceann a aithníonn na daoine lasmuigh den Rúis.
 
Luadh an Chreimil i Moscó an chéad uair riamh i gcáipéis ón mbliain 1331. Roimhe sin, bhain na scríbhneoirí úsáid as an bhfocal ''grad'' - focal ón tSean-Slaivis Eaglasta a chiallaíonn "cathair", cosúil le "gorod" na Rúisise. Bhí dúnfort de chineál éigin ansin sa dóú haois déag, ar a laghad. Tá a fhios againn gur dhaingnigh agus gur fhairsingigh an Prionsa Yuri Dolgorukiy (nó "Seoirse Lámhfhada") an ''grad'' go mór sa bhliain 1156. D'ionsaigh na Mongólaigh Moscó sa bhliain 1237, agus chuir siad an dúnfort trí thine. San am sin, bhí na Rúisigh i dtuilleamaí adhmaid le tithe a thógáil, agus mar sin, bhí sé furasta an Chreimil a dhó.