An difríocht idir athruithe ar: "Cath Lios Cearúill"

Content deleted Content added
~~
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 12:
Sheas na hÉireannaigh an fód go maith ar dtús. Oilibhéar Stevenson, Caitliceach de shliocht Sasanach, a bhí i gceannas ar mharcra an Chomhcheangail. Thug siad fogha faoin namhaid agus scaip iad. Ghabh siad an Brianach féin, ach d'éirigh le deartháir an Bhrianaigh Stevenson a mharú le urchar áidh, rud a chuir beaguchtach ar na hÉireannaigh. Tar éis comhrac dian chúlaigh siad, agus ní raibh an cos-slua Éireannach cleachtach a ndóthain chun seasamh in éadan mharcra an Bhrianaigh. Ba í an eite chlé ba righne a sheas, ach thug siad an portach orthu féin faoi dheireadh. Rugadh corp Stevenson ó Lios Cearúill go dtí mainistir [[Eas Géitine]], agus adhlacadh é le hais uaigh a athar sa tseaneaglais ann.
 
Maraíodh os cionn 700 saighdiúir de chuid an Chomhcheangail, agus a lán oifigeach san áireamh. Is iomaí fear d'uaisle Chaitliceach na háite a maraíodh: chaill muintir Mhic GhearailtGearaltaigh Dheasmhumhan ocht bhfear déag, agus cuireadh iad go léir i ráth a bhí in aice na háite. Chroch an Brianach caoga oifigeach ar maidin an lá dar gcionn, agus d'fhan Corcaigh i seilbh na Sasanach.
 
== Naisc Sheachtracha ==