Murchadh Ó Briain, Iarla Inse Chuinn (cuir in eagar)
Leagan ó 11:40, 11 Iúil 2009
, 14 bliain ó shinno edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí) |
Colin Ryan (plé | dréachtaí) No edit summary |
||
Líne 1:
Taoiseach de Mhuintir Uí Bhriain ba ea '''Murchadh Ó Briain''' (c.1618 – 19 Meán Fómhair 1674), an chéad Iarla Inse Choinn. Idir na blianta 1624 agus 1654 bhí teideal an 6ú Barún Inse Choinn air. ''Murchadh an Dóiteáin'' a bhí air i mbéal an ghnáthphobail de bharr a ndearna sé de scrios i gCúige Mumhan. Bhí sé ar na huaisle Protastúnacha ba mhó in Éirinn.
Rinne sé saighdiúireacht in Arm Spáinneach na hIodáile idir na blianta 1636 agus 1639. D’fhill sé abhaile, phós iníon an Ridire William St Leger, Uachtarán Chúige Mumhan, agus rialaigh an cúige sin tar éis bhás St Leger. Nuair a d’éirigh na hÉireannaigh amach sa bhliain 1641 chuaigh sé i leith na
Dealraíonn sé go raibh gráin ar leith aige ar mhórcheannasaí eile, [[Eoghan Rua Ó Néill]]. Ba mhór idir an bheirt. Bhí an Niallach ag taobhú leis na náisiúnaithe Caitliceacha, agus bhí cúis shinseartha leis an bhfaltanas freisin, sa mhéid gur maraíodh seanathair an Bhrianaigh (Murchadh eile) sa bhliain 1597 agus é ag troid le saighdiúirí a chuaigh i bpáirt le hAodh Rua Uí Néill, uncail Eoghain.
|