An difríocht idir athruithe ar: "An Blascaod Mór"

Content deleted Content added
LaaknorBot (plé | dréachtaí)
m robot Adding: sv:An Blascaod Mór
No edit summary
Líne 3:
 
==Stair==
Bhí daoine ina gcónaí ar an oileán ar feadh trí chéád bliain ar a laghad go dtí [[1953]] tráth a d'fhógair [[Rialtas na hÉireann]] nach bhféadfadh siad urrús a thabhairt maidir le sábháilteacht na n-oileánach. Bhi daonra seasmhach ann de thimpeall is 160 duine ó 1841 go 1911. A bpríomhshlí maireachtála ná meascán d'iascaireacht is d'fheirmeoireacht. Mar a tharla in oileáin eile, áfach, nuair a theip ar an iascaireacht, chuaigh go leor daoine ar imirce, go mór mhór go Meiriceá. Sna blianta deiridh, ní raibh aon seirbhísí ar an mBlascaod Mór seachas oifig poist agus scoil. Mar sin, bhíodar ag brath ar an mórthír. An t-aon módh taistil a bhí acu ná an naomhóg, agus tá roinnt de na báid seo le feiscint fós ag Cé Dhún Chaoin. Beartaíodh an t-oileán a thréigint sa bhliain 1953 agus gan ach 22 duine fágtha ar an oileán.
 
==Saibhreas Cultúrtha==
Líne 9:
 
==An Blascaod Mór sa lá atá inniu ann==
I rith an tsamhraidh, is féidir bád a fháil isteach go dtí an oileán ó [[Dún Chaoin|Dhún Chaoin]] nuair a bhíonn an fharraige sách ciúin. Tá an ché ag Faill Mór, áit as a n-iompraíonn báid farantóireachta paisinéirí go dtí na Blascaodaí idir mí Aibreáin ag us mí Dheireadh Fómhair gach bliain. Sprioc turasóireachta is ea Dún Chaoin, agus is nasc tábhachtach é leis na Blascaodaí.
Is fothracha iad tithe Uí Chriomhthain agus Uí Shúilleabháin ach rinneadh athshlánú ar theach Pheig Sayers agus bhí sé ag in úsáid mar chuid de [[brú|bhrú]] a bhí ar an oileán go dtí le gairid.
 
==Naisc sheachtracha==
[http://www.dunchaoin.com/Ionadanbhlascaoidmhoir/lch1.htm Ionad an Bhlascaoid Mhóir]
 
[[Catagóir:Contae Chiarraí|Blascaod Mór]]