An difríocht idir athruithe ar: "An Chiméiris"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is í an '''Chiméiris''', nó an '''Chambóidis''', teanga oifigiúil na Cambóide. Ceann de na teangacha Astrainéasacha í, cosúil leis an Vítneaimis, agus í ó ...'
 
No edit summary
Líne 1:
Is í an '''Chiméiris''', nó an '''Chambóidis''', teanga oifigiúil na Cambóide. Ceann de na teangacha Astrainéasacha í, cosúil leis an [[Vítneaimis]], agus í ó dhúchas ag cúig mhilliún déag de dhaoine, a bheag nó a mhór - is deacair líon cruinn na gcainteoirí a shocrú, agus is féidir go bhfuil fiche milliún acu ann. Tá cónaí ar an gcuid is mó de na cainteoirí sa Chambóid féin, ar ndóigh, ach tá diaspóra mór ann i dtíortha eile, ar nós na [[An Téalainn|Téalainne]], na [[An Fhrainc|Fraince]], na h[[An Astráil|Astráile]] agus na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stát Aontaithe]]. Tá gaol sách gar aici leis an teanga [[Mon (teanga)|Mon]], a bhí ina teanga thábhachtach in Oirdheisceart na hÁise tráth, cé go bhfuil a cuid cainteoirí scaipthe ar fud an réigiúin anois. Fuair an Chiméiris cuid mhór focal ón b[[PailisPáilis]] agus ón t[[Sanscrait]], toisc gur teangacha tábhachtacha iad siúd i gcreideamh na tíre, an Búdachas. Is follasach go raibh an-tionchar ag teangacha beo an réigiúin ar an gCiméiris fosta, an Téalainnis agus an Vítneaimis mar shampla.
 
Murab ionann agus an chuid is mó de theangacha an réigiúin, ní [[teanga thonúil]] í an Chiméiris. Tá córas scríbhneoireachta dá cuid féin ag an gCiméiris, ar a dtugtar ''aksar khmer'', agus is aibítir shiollach é.