Murchadh Ó Briain, Iarla Inse Chuinn (cuir in eagar)
Leagan ó 03:13, 15 Iúil 2009
, 14 bliain ó shinno edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí) |
Colin Ryan (plé | dréachtaí) No edit summary |
||
Líne 1:
Taoiseach de Mhuintir Uí Bhriain ba ea '''Murchadh Ó Briain''' (c.1618 – 19 Meán Fómhair 1674), an chéad Iarla Inse
Rinne sé saighdiúireacht in Arm Spáinneach na hIodáile idir na blianta 1636 agus 1639. D’fhill sé abhaile, phós iníon an Ridire William St Leger, Uachtarán Chúige Mumhan, agus rialaigh an cúige sin tar éis bhás St Leger. Nuair a d’éirigh na hÉireannaigh amach sa bhliain 1641 chuaigh sé i leith na gcoilíneach Sasanach agus na bProtastúnach, agus choinnigh sé smacht ar Chorcaigh agus ar iardheisceart na hÉireann in ainm an Rí go dtí gur shocraigh [[Séamas de Buitléir]], an chéad Diúc Urmhumhan, an Sos Mór i Mí Mheán Fómhair, 1643. Sa bhliain 1642 ruaig sé arm de chuid an [[Comhcheangal na hÉireann|Chomhcheangail]] faoi cheannas [[Gearóid de Barra|Ghearóid de Barra]] ag [[Cath Lios Cearúill]], arm a bhí ag déanamh ar Chorcaigh.
|