An difríocht idir athruithe ar: "Caisleán Lios Cearúill"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 6:
 
==Múrtha agus Túir==
Tá an [[caisleán]] suite ar charraig i seascann lastuaidh de [[Lios Cearúill]]. Tá cearnóg istigh agus múrtha cosanta ina timpeall atá isteach is amach le cúig throigh is fiche ar airde agus timpeall cúig throigh ar dhoimhne ag a mbun. Tá ceithre thúr chruinne ann agus caoi réasúnta maith ar thrí cinn acu; arbhí éigeanan atátobar dúshraith ansa túir thiar theas, le feiceáil,gur agusar saéigean cheannatá a dhúshraith sin ale bhífeiceáil an tobaranois.
 
Tá na túir cúig throigh is fiche trasna amuigh agus tá a múrtha ocht dtroigh ar dhoimhne. Bhí an bealach isteach ar an gcéad urlár, agus staighrí bíseacha ag gabháil suas as sin go dtí urláir eile agus go dtí an cosán balla. As adhmad a rinneadh na hurláir. Tá trí pholl chúnga lámhaigh suite i spré leathan fuinneoige ag leibhéal an phríomhurláir sna túir atá fos ann, agus taispeánann roinnt coirbéal go mbíodh léibhinn ag gobadh amach ón uchtbhalla. Bhí airde urláir ag na túir ar na múrtha.