An difríocht idir athruithe ar: "An Chiméiris"

Content deleted Content added
No edit summary
Rang +IV
Líne 1:
Is í an '''Chiméiris''', nó an '''Chambóidis''', [[teanga oifigiúil]] na [[An Chambóid|Cambóide]]. Ceann de na [[teanga (cumarsáid)|teangacha]] Astrainéasacha í, cosúil leis an [[Vítneaimis]], agus í ó dhúchas ag cúig mhilliún déag de dhaoine, a bheag nó a mhór - is deacair líon cruinn na gcainteoirí a shocrú, agus is féidir go bhfuil fiche milliún acu ann. Tá cónaí ar an gcuid is mó de na cainteoirí sa Chambóid féin, ar ndóigh, ach tá diaspóra mór ann i dtíortha eile, ar nós na [[An Téalainn|Téalainne]], na [[An Fhrainc|Fraince]], na h[[An Astráil|Astráile]] agus na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stát Aontaithe]]. Tá gaol sách gar aici leis an teanga [[Mon (teanga)|Mon]], a bhí ina teanga thábhachtach in Oirdheisceart na hÁise tráth, cé go bhfuil a cuid cainteoirí scaipthe ar fud an réigiúin anois. Fuair an Chiméiris cuid mhór focal ón b[[Páilis]] agus ón t[[Sanscrait]], toisc gur teangacha tábhachtacha iad siúd i gcreideamh na tíre, an [[Búdachas]]. Is follasach go raibh an-tionchar ag teangacha beo an réigiúin ar an gCiméiris fosta, an Téalainnis agus an Vítneaimis mar shampla.
 
Murab ionann agus an chuid is mó de theangacha an réigiúin, ní [[teanga thonúil]] í an Chiméiris. Tá córas scríbhneoireachta dá cuid féin ag an gCiméiris, ar a dtugtar ''aksar khmer'', agus is aibítir shiollach é.
 
[[Catagóir:Teangacha]]
[[Catagóir:An Chambóid]]
 
[[ar:لغة خميرية]]
[[bn:খ্‌মের ভাষা]]
[[br:Kmereg]]
[[bg:Кхмерски език]]
[[cs:Khmerština]]
[[da:Khmer]]
[[de:Khmer-Sprache]]
[[el:Χμερ (γλώσσα)]]
[[en:Khmer language]]
[[es:Idioma camboyano]]
[[eo:Ĥmera lingvo]]
[[fa:زبان خمر]]
[[fr:Khmer]]
[[ko:크메르어]]
[[id:Bahasa Khmer]]
[[it:Lingua khmer]]
[[mk:Кмерски јазик]]
[[ms:Bahasa Khmer]]
[[nl:Khmer (taal)]]
[[ja:クメール語]]
[[no:Khmer (språk)]]
[[km:ភាសាខ្មែរ]]
[[ug:كخمېر تىلى]]
[[pl:Język khmerski]]
[[pt:Língua khmer]]
[[ru:Кхмерский язык]]
[[simple:Khmer language]]
[[sr:Кмерски језик]]
[[fi:Khmerin kieli]]
[[sv:Khmer (språk)]]
[[tl:Wikang Khmer]]
[[ta:கெமர் மொழி]]
[[th:ภาษาเขมร]]
[[vi:Tiếng Khmer]]
[[tr:Khmerce]]
[[wa:Xhmer]]
[[wuu:高棉文]]
[[zh:高棉语]]