An difríocht idir athruithe ar: "An Mheán-Ghaeilge"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Ba í '''an Mheán-Ghaeilge''' (''Gaoidhealg'' as Mheán-Ghaeilge) príomhtheanga na h[[Éire]]ann, [[Albain|na hAlban]] agus [[Manainn|Mhanann]] ón 10ú haois go dtí an 12ú haois.
 
De réir a chéile, tháinig meath ar thraidisiún scríofa na [[Sean-Ghaeilge]] (''Goídelc'' as Shean-Ghaeilge), agus an Mheán-Ghaeilge ag teacht ina háit. Teanga cineál measctha is ea í an Mheán-Ghaeilge, nó is deacair aon chaighdeán nó norm ceart a leagan amach di. Tá idir chaint na ndaoine agus ghramadach chasta na Sean-Ghaeilge ag dul trí chéile sa Mheán-Ghaeilge, agus thairis sin, is féidir forcheartú a fheiceáil ansin - is é sin, iarrachtaí teipthe ar chloí le caighdeán na Sean-Ghaeilge nach bhfuil ceart de réir an chaighdeáin sin ná de réir chaint na ndaoine.
 
Tabhair faoi deara go dtugann téacsleabhair áirithe "Meán-Ghaeilge" ar an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach freisin. Ní botún é seo go díreach, ach cleachtas a d'imigh as úsáid idir an dá linn.