An difríocht idir athruithe ar: "Cromail in Éirinn 1649-1650"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 16:
Lean an troid go ceann beagnach trí bliana tar éis dó imeacht. Ghéill Gaillimh, an baile mór deireanach a bhí ag na Caitlicigh, i Mí Aibreán 1652, agus ghéill na saighdiúirí deireanacha Caitliceacha i Mí Aibreán 1653. Coisceadh cleachtadh an Chaitliceachais agus maraíodh aon sagart a gabhadh. Meastar gur cuireadh timpeall 12,000 duine chun na nIndiacha Thiar mar sclábhaithe. Tugadh iarracht ar thalamh garbh i gCúige Connacht a roinnt ar ar fágadh de na húinéirí Caitliceacha talún, agus is dócha gur laghdaigh a gcuid den talamh i gcoitinne ó 60% go 8%.
Theip ar Chromail agus ar a nginearáil deireadh a chur leis an treallchogaíocht, áfach. Lean na Tóraithe orthu ag crá na Sasanach, agus dá dhéine iad na hiarrachtaí a tugadh ar na trodaithe úd a chloí is ea is mó a gríosaíodh chun comhraic iad. <ref>Peter Beresford Ellis, 1975, "Hell or Connaught!"lch</ref> Ní furasta, áfach, idirdhealú a dhéanamh idir treallchogaithe agus ropairí ina leithéid de chás.
==An rian a d’fhág Cromail ar Éirinn==